Nahúm 3:1-19

3  Is mairg do chathair na fola,atá lomlán de chamastaíl agus líonta le creachagus nach bhfuil teorainn leis an slada dhéanann sí,  Bloscadh fuipeanna, tormáil rothaí,capaill ar cosa in airde, carbaid ar léim lúith!  Eachra ag ionsaí, claimhte ag bladhmadh,sleánna ag drithliú . . .sluaite gonta, na mílte marbh,coirp gan áireamha bhaineann tuisle as cách!  De dheasca oll-líon na ngníomhartha striapachaisa rinne an striapach ghrástúil sciamhach,atá oilte ar orthanna draíochta,agus a chuir daoirse ar na náisiúinlena cuid striapachaisagus ar chiníocha lena horthanna draíochta,  féach, táimse i d’aghaidh,a deir Tiarna na Slua.Tógfaidh mé suas do sciortaíchomh hard le d’aghaidhagus taispeánfaidh médo nochtacht do na náisiúinagus do náire do na ríochtaí.  Caithfidh mé cac ort,náireoidh mé thúagus déanfaidh mé seó bóthair díot.  Agus gach uile dhuine a bhreathnóidh ort,teithfidh sé uait, á rá:“Tá Nínivé léirscriosta!”Cé a chaoinfidh í?Cad as a bhfaighidh mé sólásaithe di?  An bhfuil tusa níos fearr ná an Teibh,cathair a bhí suite ar bhruach na hAbhann?(Bhí uiscí ina timpeall)Bhí an fharraige aici mar urbhallaagus na huiscí mar bhábhún.  B’iad an Aetóip agus an Éigipt a neart.(Ní raibh aon teorainneacha aici.)B’iad Pút agus an Libe a comhghuaillithe. 10  Ach ina dhiaidh sin féintugadh chun siuíl í;d’imigh sí léi i mbraighdeanas;rinneadh deargár ar a páistí chomh maithag cúinní na sráideanna uile;cuireadh a daoine uaisle ar chrainnagus ceanglaíodh a fir cháiliúla le slabhraí. 11  Cuirfear thusa ar meisce freisinagus beidh tú ar mearbhall céille.Caithfidh tusa tearmann a lorgón namhaid chomh maith. 12  Tá do dhúnta go léir cosúil le crainn fígíatá ag tabhairt fígí luatha uathu;má chroitear iad titfidh na torthaíisteach i mbéal an alpaire. 13  Féach ar do thrupaí,níl iontu ach mná.Tá geataí do thírear dianleathadh roimh do naimhde,agus do bharraí comhla loiscthe ag tine. 14  Tarraing uisce le haghaidh an léigir;neartaigh do dhúnta;satail ar an láib;pasáil an chré;beir greim ar an múnla brící. 15  Ansin loiscfidh an tine thú;ciorróidh an claíomh thú;(ídeoidh sé thú mar a dhéanfadh an lócaiste).Déan thú féin chomh líonmhar leis an lócaiste;déan thú féin chomh hiomadúil leis an dreoilín teaspaigh. 16  Cuir le do chuid trádálaithechun go mba líonmhaire iad ná réaltaí neimhe;leathann na lócaistí a sciatháinagus eitlíonn siad leo; 17  a bíodh do chosantóirí mar dhreoilíní teaspaighagus do scríobhaithe chomh tiubh le saithe feithidí,a thuirlingíonn ar na ballaí lá fuar.Ach nuair a éiríonn an ghrian,imíonn siad as radharcagus ní bhíonn a fhios ag aon duinecá mbíonn siad. 18  Faraor! Cad é mar a chodlaíonn do chuid aoirí,(a rí na hAsaíre)!Cad é mar atá do laochrai dtoirchim suain!Tá do mhuintir scaipthe ar na sléibhteagus níl aon duine ann chun iad a chruinniú arís. 19  Níl aon legheas ar do lot;is marfach í do chneá.An uile dhuine a chloiseann do scéal,buaileann sé bosa mar gheall ort.Óir cé air nár luighdo dhanarthacht gan staonadh?

Fonótaí