Nihimiá 2:1-20
2 I mí Níosán, san fhichiú bliain de réimeas an rí, Artaxarxaes, bhí a chuid fíona os a chomhair; thóg mé suas an fíon agus thug mé don rí é; [roimhe sin] ní raibh mé riamh faoi bhrón ina láthair.
2 Dúirt an rí liom mar sin: “Cén fáth a bhfuil aghaidh bhrónach ort ós rud é nach bhfuil tú tinn? Ní foláir nó go bhfuil dólás éigin ar do chroí.” Tháinig eagla mhór orm ansin
3 agus dúirt mé leis an rí: “Gura fada buan an rí! Cén fáth nach mbeadh aghaidh bhrónach orm nuair atá conamar déanta den chathair mar a bhfuil mo shinsir curtha agus a geataí loiscthe le tine?”
4 “Céard atá tú ag iarraidh orm, mar sin?” arsan rí liom. Chuir mé guí suas chun Dé neimhe ansin
5 agus dúirt mé leis á fhreagairt: “Mura miste leat é agus má tá lé ar bith agat liomsa, do sheirbhíseach, ba bhreá liom é dá gcuirfeá go dtí Iúdá mé chun na cathrach sin mar a bhfuil mo shinsir curtha, chun í a atógáil.”
6 D’fhiafraigh an rí díom ansin—agus an bhanríon ina suí taobh leis: “Cá fhad a bhainfidh do thuras asat agus cathain a fhillfidh tú?” D’aontaigh an rí mé a chur ann agus d’inis mé dó cá fhad a bheinn as láthair.
7 Dúirt mé leis chomh maith: “Mura miste le do mhórgacht é, tugtar litreacha dom le haghaidh gobharnóirí an chúige thar Eofrataes, á rá leo ligean dom dul slán trína gcríocha go dtí Iúdá;
8 agus litir eile le haghaidh Ásáf, coimeádaí na bhforaoiseacha ríoga, á rá leis adhmad a thabhairt dom chun geataí a dhéanamh do dhúnfort an Teampaill agus le haghaidh ballaí na cathrach agus don teach a ndéanfainn féin cónaí ann.” Ghéill an rí do m’iarratas mar bhí lámh mhaith mo Dhé ag tacaíocht liom.
9 Tháinig mé ansin go dtí gobharnóirí an chúige thar Eofrataes agus thug mé litreacha an rí dóibh. Bhí oifigigh airm agus marcshlua ón rí i mo choimhdeacht.
10 Nuair a chuala Sanballat an Horónach agus Tóibíá an tAmónach daoir, an méid sin, tháinig an-mhíshásamh orthu toisc aon duine a theacht le beart a dhéanamh ar mhaithe le clann Iosrael.
11 Tháinig mé go Iarúsailéim dá bhrí sin agus d’fhan mé socair ann ar feadh trí lá.
12 Ansin d’éirigh mé san oíche, mé féin agus cúpla fear eile, agus gan é ráite agam le haon duine cad a bhuail Dia isteach i mo chroí a dhéanamh ar mhaithe le Iarúsailéim, agus gan agam d’ainmhithe ach an beithíoch a bhí do m’iompar.
13 Ghabhas Geata an Ghleanna amach dá bhrí sin agus thar Thobar an Dragúin go dtí Geata an Aoiligh. Rinne mé ballaí Iarúsailéim [agus na bearnaí iontu] a iniúchadh, agus, chomh maith, a geataí dóite.
14 Chuaigh mé ar aghaidh ansin go dtí Geata an Tobair agus go Linn an Rí, ach ní raibh bealach do mo bheithíoch iompair thairis sin.
15 Ansin san oíche ghabh mé an gleann suas agus mé ag iniúchadh an bhalla agus chas mé ar ais agus Geata an Ghleanna isteach arís, agus d’fhill mé mar sin.
16 Ní raibh a fhios ag na hoifigigh cár chuaigh mé ná cad a bhí ar siúl agam; ní raibh aon ní fós ráite agam leis na Giúdaigh ná na sagairt, ná na huaisle, ná na hoifigigh, ná le haon dream eile ar a mbeadh cúram na hoibre.
17 Dúirt mé leo ansin: “Feiceann sibh an cruachás ina bhfuilimid: tá Iarúsailéim ar lár agus a geataí dóite. Téanaigí, tógaimis ballaí Iarúsailéim agus ná bímis faoi náire mar seo a thuilleadh.”
18 Agus d’inis mé dóibh conas mar a bhí lámh chineálta Dé mar thaca liom chun na maitheasa, agus d’aithris mé dóibh a ndúirt an rí liom. “I mbun oibre linn!” ar siad, “agus ar aghaidh leis an tógáil!” agus chrom siad ar an obair fhónta le fonn.
19 Nuair a chuala Sanballat an Horónach agus Tóibíá an daor Amónach agus Geisim an tArabach mar gheall air seo, rinneadar magadh agus fonóid fúinn agus d’fhiafraíodar: “Céard atá ar siúl agaibh, an bhfuil ceannairc in aghaidh an rí á beartú agaibh?”
20 Ach thug mé freagra orthu: “Cuirfidh Dia neimhe agus talún an rath orainn! Táimidne, a shearbhóntaí, ag dul i mbun tógála; níl cuid ná ceart ná seoid chuimhne agaibhse in Iarúsailéim.”