Nihimiá 4:1-23

4  [3:33] Nuair a chuala Sanballat go raibh na ballaí á n-atógáil againn, tháinig fraoch agus cuthach feirge air. Rinne sé fonóid faoi na Giúdaigh  [3:34] agus dúirt i láthair a ghaolta agus maithe na Samáire: “Cén fuadar atá faoi na truáin Ghiúdacha seo? [An bhfuil siad le tosú?] An dóigh leo nach bhfuil ann ach gnó lae acu? An dóigh leo gur féidir dóibh anam a chur arís sna clocha seo, na clocha dóite seo, a sciob siad ó na cnocáin luaithrigh?”  [3:35] Bhí Tóibíá an tAmónach taobh leis, agus dúirt sé: “Tógaidís leo! má phreabann sionnach ar a mballa, leagfaidh sé na clocha anuas!”  [3:36] Féach, cad é drochmheas atá orainn, a Dhia linn! Tabhair a n-asacháin sa mhullach orthu féin! Cuir táir orthu i dtír éigin ina dtiomáinfear iad ar deoraíocht.  [3:37] Ná ceil a gciontacht agus ná scrios a bpeaca as do radharc, óir ghriog siad chun feirge thú os comhair lucht na tógála.  [3:38] Bhíomar ag atógáil an bhalla idir an dá linn, agus ba ghearr go raibh sé leath slí suas timpeall ar fad mar go raibh fonn oibre ar na daoine.  [4:1] Nuair a fuair Sanballat, Tóibíá, na hArabaigh, na hAmónaigh, agus na hAisdeodaigh tuairisc go raibh deisiú ballaí Iarúsailéim ag dul chun cinn agus go raibh na bearnaí á n-iamh de réir a chéile, tháinig an-fhearg orthu,  [4:2] agus rinneadar comhcheilg teacht le chéile agus Iarúsailéim a ionsaí agus cur as do mo bheartas.  [4:3] Ansin ghuíomar chun ár nDé agus chuireamar buíon ar garda ina n-aghaidh de lá agus d’oíche [d’fhonn an chathair a chosaint]. 10  [4:4] Ach chrom Iúdá ar ghearán: “Tá neart an lucht iompair ag teip agus is mór a bhfuil de luaithreach ann fós; ní chuirfimid críoch leis an mballa go deo.” 11  [4:5] Agus deireadh ár naimhde: “Tiocfaimid aniar aduaidh orthu gan fhios gan radharc acu, ansin déanfaimid iad a threascairt agus deireadh a chur leis an ngnó seo.” 12  [4:6] Thug Giúdaigh a bhí ag cur fúthu ina gcóngar rabhadh dúinn deich n-uaire ina dtaobh, á rá: “Tá siad chugainn as gach ball ina bhfuil cónaí orthu.” 13  [4:7] [Chuamar] inár láithreacha catha dá bhrí sin thíos ar chúl an bhalla mar a raibh fairsinge; d’eagraigh mé na daoine de réir fine, agus claimhte sleánna agus boghanna acu. 14  [4:8] Thug mé faoi deara [an eagla a bhí orthu] agus d’éirigh mé i mo sheasamh agus dúirt mé leis na huachtaráin, na maoir, agus leis an bpobal eile go léir: “Ná bíodh eagla oraibh rompu! Cuimhnigí ar an Tiarna, mar is mór é agus is díol urraime é; troidigí ar son bhur ngaolta, bhur gclann mhac agus iníonacha ar son bhur mban agus bhur mbaile.” 15  [4:9] Nuair a fuair ár naimhde amach go raibh rabhadh faighte againn, agus gur chuir Dia a bplean amú, [d’imíodar leo] agus chuamar go léir ar ais, gach duine i mbun a shaothair ar an mballa. 16  [4:10] Ón lá sin amach ní bhíodh ach leath mo chuid fear ag tógáil; bhíodh an chuid eile ina seasamh, agus sleánna sciatha boghanna agus lúireacha acu, ar chúl teaghlach Iúdá, 17  [4:11] a bhí ag tógáil an bhalla. Bhíodh [airm ag] an lucht iompair chomh maith, i dtreo go ndéanadh gach duine díobh a ghnó lena leathláimh agus a arm ina leathláimh eile. 18  [4:12] Agus gach saor i mbun tógála bhíodh a chlaíomh ina chrios aige. Bhíodh fear an stoic le m’ais. 19  [4:13] Dúirt mé leis na huachtaráin, leis na feidhmeannaigh agus leis an gcuid eile den phobal: “Tá an obair mór agus í leata go fairsing agus táimid scartha i bhfad óna chéile ar na ballaí. 20  [4:14] Cibé áit ina gcloisfidh sibh an stoc á shéideadh, cruinnigí inár dtimpeall, agus troidfidh ár nDia thar ár gceann.” 21  [4:15] Chuamar ar aghaidh leis an obair mar sin (agus airm i lámha leath na bhfear) ó bhreacadh an lae go glioscarnach na réaltaí. 22  [4:16] Ansin dúirt mé leis an bpobal: “Caitheadh gach fear agus a sheirbhíseach an oíche in Iarúsailéim agus ar an tslí sin beidh siad ag faire dúinn san oíche agus ag obair sa lá.” 23  [4:17] Ní dhearna aon duine againn, mé féin ná mo ghaolta ná mo sheirbhísigh ná baill mo gharda phearsanta, ár gcuid éadaigh a bhaint dínn aon uair, ach a airm [i láimh gach duine].

Fonótaí