Olagón 1:1-22

OLAGÓN 1  Ochón! An chathair a bhíodh plúchta le daoine,maireann sí léi féin ar an uaigneas;is cosúil le baintreach anoisí siúd ar mhór ab fhiú í i measc na náisiún;banphrionsa i measc na gcúigí ab ea íach is daorstát í faoi láthair.  Bíonn sí ag gol go géar goirt san oíche;bíonn a gruanna báite le caisí deor;níl aon sólásaí ar bith aicii measc a cuid leannán;d’fheall a cairde go léir uirthi;is naimhde di iad anois.  D’imigh Iúdá léi ar deoraíochtchun angar agus daoirse a sheachaint;cónaíonn sí i measc na náisiúnach ní bhfaigheann sí ionad suaimhnis ann;óir, tá an tóir tar éis teacht suas léimar a bhfuil sí i gcúngrach mór.  Tá bóithre Shíón ag caoimar ní thaithítear a hionad teagmhála;tá a geataí uile bánaitheagus déanann a sagairt osnaíl;bíonn a maighdeana go léir á gcrá.Ó nach goirt é an seirfean atá uirthi!  Ag a naimhde atá an ceannas;tá a heascairde uile faoi rath;óir tá an Tiarna tar éis í a chiapadhde dheasca oll-líon a peacaí;tá a leanaí imithe ina gcimíos comhair a namhad amach.  Tá a mórgacht uile leáiteó iníon Shíón;ba chosúil a flatha le fiannanach raibh féarach acu níos mó;bhíodh siad ar a dteitheadh go lagbhríochroimh an tóir a cuireadh orthu.  Is cuimhin le Iarúsailéim anoisa laethanta angair agus fáin,nuair a thit a muintir lena naimhdeagus gan cabhróir dá laghad acu.Bhíodh a heascairde ag baint lán na súl aisti;ábhar scige dóibh ab ea a turnamh.  Pheacaigh Iarúsailéim go trom;dá dheasca sin is neamhghlan í anois;an dream a thugadh gradam di, maslaíonn siad í;óir, chonaic siad lomnocht í;ach bíonn sise ag caoineadh de shíoragus tugann sí a cúl leo.  Tá a salachar féin ar a sciortaí;níor mhachnaigh sí riamh ar a raibh i ndán dí;ó nach tubaisteach é a turnamh!Níl sólásaí ar bith aici.“Féach, a Thiarna, ar m’ainnise;is ag mo naimhde atá an bua.” 10  Shín a heascairde a lámha amachchun a maoinese go léir;chonaic sise na náisiúinag réabadh isteach ina sanctóir—an dream ar chros tú féin orthudo chomhthionól a thaithí. 11  Bíonn a muintir uile ag éamhagus arán á lorg acu;malartaíonn siad a n-iarmhais ar bhiachun iad féin a neartú arís.“Féach, a Thiarna, agus breathnaighar an drochmheas a chaitear orm. 12  Sibhse uile a thriallann thar bráid,breathnaígí agus féachaigían bhfuil aon bhrón mar mo bhrónsa—mar an gcumha atá ag criathairt mo chroí,a chuir an Tiarna féin orm,ar lá a dhíbheirge fíochmhaire. 13  Ón aird thuas chuir sé tine isteach i mo chnámhaa rug greim daingean orthu go léir;leath sé líon do mo chosaagus thug orm casadh ar ais;d’fhág sé go tréigthe méagus mé go dona tinn ó lá go lá. 14  Tá mo chionta ceangailte ina gcuing;fíodh le chéile iad ina lámhasanagus ardaíodh iad ar mo mhuineál;eisean ba chúis le lagú mo nirt;thug an Tiarna ar láimh dóibh mésa chaoi nach dtig liom fanacht i mo sheasamh. 15  Na gaiscígh uile a bhíodh agam,tá an Tiarna tar éis iad a shéanadh;thug sé slua le chéile i m’aghaidhchun mo chuid ógánach a chloí;tá an Tiarna tar éis satailt sa chantaoirar iníon fhíorógh Iúdá. 16  Sin an fáth a mbím ag caoiagus ag sileadh na súl go fuíochÓir, is fada uaim aon sólásaía mhúsclódh mo mheanma arís.Tá mo chlann mhac treascartha tréigthemar is é an namhaid a rug an bua. 17  Leathann Síón a lámha amach;níl sólásaí ar bith aici;thug an Tiarna ordú in aghaidh Iacóiba chomharsana a bheith naimhdeach dó;rud éigin neamhghlan ina meascis ea Iarúsailéim. 18  Is cothrom cóir é an Tiarna;ach bhí mise easumhal dá ordú;éistigí, mar sin, a chiníocha uile,agus breathnaígí ar m’ainnise;tá mo mhaighdeana agus m’ógánaighimithe uaim i mbraighdeanas. 19  Ghlaoigh mé ar mo chuid leannán;ach chlis siad go léir orm;mo shagairt agus mo sheanóirí uile,díothaíodh iadsan sa chathair,nuair a bhí siad ag cuardach biachun iad féin a neartú arís. 20  Féach, a Thiarna, is mise atá go hainnis;tá a bhfuil istigh ionam corraithe cráite;tá mo chroí á shníomh i m’uchtmar ba mhór ar fad m’easumhlaíocht;tá an claíomh ag dísciú mo chlainne lasmuighagus tá an Bás i réim laistigh. 21  [Éist] le mo chuid osnaíola;níl aon sólásaí ar bith agam;chuir scéala m’anó áthas ar mo naimhde uile;ar ndóigh ba thusa ba bhun leis go léir;luathaigh an lá atá fógartha agat,nuair a bheidh siadsan mar a bhfuilimse anois. 22  An mhailís go léir a rinne siad,go gcuirtear ar do shúile duit í;caith leo mar a chaith tú liomsade dheasca mo chionta uile;óir, is iomaí osna atá á ligean agamagus tá mo chroí go tréithlag fann.”

Fonótaí