Olagón 2:1-22

2  Ochón! Tá an Tiarna tar éis duibhe a churar iníon Shíón le corp cuthaigh;theilg sé ó neamh go talamháilleacht Iosrael;níor chuimhin leis stóilín a chosar lá a chuid díbheirge.  Scrios an Tiarna go neamhthrócaireacháitribh uile Iacóib;chreach sé go fíochmhar feargachdúnta iníon Iúdá;leag sé ar lár agus thruailligh séan ríocht agus a flatha.  Bhasc sé le fraoch feirgecumhacht uile Iosrael;níor thug sé tacaíocht a dheasláimhein aghaidh an namhad;las sé suas in Iacób mar chraos tinea d’ídigh a raibh ina thimpeall.  Theann sé a bhogha mar namhaidagus dhaingnigh sé a dheaslámh mar eascara;rinne sé ár orthu siúdar lán a shúl iad tráth;lig sé a racht amach mar thinear bhoth iníon Shíón.  D’iompair an Tiarna é féin mar namhaid;rinne sé Iosrael a mhilleadh;scartáil sé a caisleáin go léir;leag sé a dúnta daingne;mhéadaigh sé an éagaoin agus an t-éagnacha bhí á ndéanamh ag iníon Iúdá.  Scrios sé an gairdín agus a bhoth;chreach sé a ionad teagmhála;i Síón chuir an Tiarna ar cealan tionól féiliúil agus an tsabóid;le racht cuthaigh thug sé droim láimhedon rí agus don sagart araon.  Rinne an Tiarna a bheag dá altóir;ghlac sé fuath dá shanctóir;chuir sé ballaí a caisleáni seilbh a naimhde nimhneacha;tógadh gártha i dteach an Tiarnamar a thógfaí ar fhéile reachtúil.  Chinn an Tiarna ar chonamar a dhéanamhde bhalla iníon Shíón;shín sé an dorú tomhais leisagus níor stad sé go raibh sé scriosta;chuir sé drochbhail ar bhalla agus ar bhábhúnsa chaoi go bhfuil siad araon ag mionú.  Tá a geataí sáite sa talamh;mar réab sé agus bhris sé a mbarraí;tá a rí agus a flatha i measc na náisiúnagus níl aon dlí ann níos mó;go fiú ní bhfaigheann a cuid fáitheaon fhís ar bith ón Tiarna. 10  Tá seanóirí iníon Shíónina suí ar an talamh ina dtost,luaithreach caite ar a gceann acuagus iad gléasta in éadach róin;tá a gceann cromtha go talamhag maighdeana Iarúsailéim. 11  Tá mo shúile tnáite le caoineadhagus a bhfuil istigh ionam corraithe cráite;tá mo chroí á reabadh le brónmar gheall ar léirscrios mo phobail ionúin;óir tá naíonáin agus leanaí cícheag snoí i gcearnóga na cathrach. 12  Bíonn siad ag fiafraí dá máithreacha“Cá bhfuil an t-arán (agus an fíon)?”agus iad ag titim mar dhaoine gontai gcearnóga an bhaile,agus an t-anam ag sceitheadh astui mbaclainn a máithreacha. 13  Cá bhfaighidh mé do leithéid nó do shamhail,a iníon Iarúsailéim?Cad leis a samhlóinn thú chun tú a shólású,a iníon ógh Shíón?Óir, tá do scrios chomh leathan leis an bhfarraige.Cé a fhéadfaidh thú a leigheas? 14  Chonaic do chuid fáithe thar do cheannfíseanna folmha fealltacha;níor nocht siad duit d’urchóid,rúd a chuirfeadh cor bisigh i do chinniúint;ní bhfuair siad thar do cheann sna físeannaach oracail bhréagacha mhealltacha. 15  Na daoine uile a ghluaiseann tharat,buaileann siad a mbosa i d’aghaidh;déanann siad faireach agus croitheann siad a gceannle hiníon Iarúsailéim:“An í seo an chathair ar glaodh uirthi:‘Blas na hÁille’, ‘Ábhar Áthais an Domhain Mhóir’?” 16  Osclaíonn do naimhde uile a gcraoschun tú a shlogadh;déanann siad faireach agus díoscán fiacal;“Tá sí slogtha siar againn,” deir siad,“is é seo an lá a rabhamar ag súil leis;tá sé buailte linn anois go soiléir.” 17  Rinne an Tiarna a raibh beartaithe aige;an rabhadh a thug sé fadó riamhtá sé curtha i gcrích aige anois;tá sé tar éis tú a threascairt gan trua;rinne sé ábhar suilt do do naimhde díotagus chuir sé go mór lena gcumhacht. 18  Éigh ó do chroí amach ar an Tiarna,a bhalla iníon Shíón;bí ag tál na ndeor ina dtuilede lá agus d’oíche;ná tabhair faoiseamh ar bith duit féin;nár thriomaí do shúile choíche. 19  Éirigh! Glaoigh amach san oíchei dtús gach seala faireacháin!lig do racht bróin amach mar thuilei láthair an Tiarna!Ardaigh chuige do lámhaar son bheatha do leanaí óga,(atá ag titim i laige le hocrasag béal gach uile shráide). 20  Féach, a Thiarna, agus breathnaighar cé hí ar chaith tú léi mar seo;ní féidir gurbh éigean do mhnánaíonáin dhea-chumtha a mbroinne féin a ithe;ní féidir gurbh éigean sagairt agus fáithea mharú i sanctóir an Tiarna! 21  Tá óg agus aosta ina luíar an talamh sna sráideanna;tá m’ógfhir agus mo mhaighdeana tar éis titimle faobhar an chlaímh;tusa a mharaigh iad ar lá do dhíbheirge;rinne tú sléacht orthu gan trua. 22  Chruinnigh tú uafás thart orm ó gach taobh,mar a chruinníonn daoine le chéile ar lá féile;níor fágadh fuíoll áir ná fear inste scéilar lá dhíbheirge an Tiarna;an chlann a rug agus a thóg mé,dhíothaigh mo namhaid iad go léir.

Fonótaí