Olagón 4:1-22

4  Ochón! Nach murtallach a d’éirigh an t-ór!Cad é mar a d’athraigh an mínóragus mar atá clocha an tsanctóra scaiptheag cúinne gach sráide!  Clann mhac oirirc Shíón,ar fiú a gcothrom féin den ór is fearr iad,mo léan, áirítear iad mar chrúscaí cré,mar dhéantúis lámh an photaire.  Fiú amháin na seacáil nochtann siad a n-uchtagus tugann siad an chíoch dá gcoileáin;ach tá mo phobal ionúin éirithe chomh cruachroíochle hostraisí an fhásaigh.  Greamaíonn teanga an naíonáin chíchedá charball leis an tart;iarrann na leanaí arán,ach ní thugtar dóibh é.  An dream nach n-itheadh ach bia beadaí,tá siad ag fáil bháis sna sráideanna;iad siúd a tógadh in éadach corcra,luíonn siad go faon ar charn dramhaíle.  Is mó pionósú mo phobail ionúinná smachtú Shodom,a scriosadh ar an toirtgan aon duine a leagan lámh uirthi.  Ba ghile a flatha ná an sneachta;ba bháine iad ná bainne;ba dheirge corp iad ná an coiréalagus ba chosúil le saifír a gcló.  Ach anois is duibhe a ndealramh ná súiche;ní aithnítear iad sna sráídeanna;tá an craiceann craptha ar a gcnámha;tá sé chomh seargtha le giota adhmaid.  B’ámharaí iad siúd a maraíodh le claíomhná iad siúd a fuair bás den ghorta,a bhíodh á snoí agus á n-ídiú go mall righincheal torthaí na talún. 10  Fiú amháin na mná, arb í an taise is dual dóibh,bhruith siad a leanaí lena lámha féin;is iad a bhíodh mar bhia acu,nuair a bhí mo phobal ionúin á scrios. 11  Lig an Tíarna a racht cuthaigh amach;tháinig lasair feirge fíochmhaire ann;d’adhain sé tine i Síón,a loisc a bunsraitheanna. 12  Níor chreid ríthe an domhain mhóirná duine ar bith dá maireann ar an saolgo rachadh namhaid nó eascara dá laghadisteach trí gheataí Iarúsailéim. 13  A mhilleán sin ar pheacaí a fáitheagus ar chionta a sagart,a dhoirt amach laistigh difuil na bhfíréan. 14  D’imigh siad ar fán trí na sráideanna ina ndaill;bhí siad truaillithe le fuil,sa chaoi nárbh fhéidir le haon duinebaint lena mbaill éadaigh. 15  “Greadaigí libh, a neamhghlana!” a scairteadh leo,“Greadaigí libh, greadaigí libh, ná bainigí linn!”Theith siad leo chun fáin agus dúradh i measc na náisiún:“Ní féidir leo cónaí anseo níos mó.” 16  Chuir an Tiarna é féin scaipeadh orthu;níor chuimhnigh sé orthu níos mó;níor tugadh urraim do na sagairtná ómós do na seanóirí. 17  Mheath ár súile orainn,ag feitheamh dúinn ar chabhair nár tugadh;bhíodh súil in airde againn ónár dtúir fairele náisiún nach bhféadfadh linn a shlánú dáiríre. 18  Coinníodh lenár sálasa chaoi nárbh fhéidir siúl trínár sráideanna;bhí ár ndeireadh buailte linn agus ár laethanta caite;níorbh fhada uainn ár dturnamh. 19  Bhí ár lucht géarleanúna níos mirená iolair an aeir;chuaigh siad sa tóir orainn thar na sléibhteagus rinne siad luíochán romhainn san fhásach. 20  Ungthach an Tiarna, arbh ionann agus beatha dúinn é,gabhadh ina bpollghaiste é,an té a ndúramar faoi:“Is faoina scáthsan a mhairfimid i measc na náisiún.” 21  Déan áthas agus gairdeas, a iníon Eadóm,tusa, a chónaíonn i dtír Úz;sínfear an cupán chugatsa chomh maith;beidh tú ar meisce agus caithfidh tú díot anuas. 22  Tá do phionósú curtha ar ceal, a iníon Shíón;ní dhíbreoidh sé thar tír amach thú choíche arís;ach smachtóidh sé thusa, a iníon Eadóm, de dheasca d’urchóideagus nochtfaidh sé do chuid peacaí.

Fonótaí