Olagón 5:1-22

5  Cuimhnigh, a Thiarna, ar ar tharla dúinn;Breathnaigh agus féach ar na maslaí a thugtar dúinn.  Tá ár dtailte oidhreachta i seilbh strainséiríagus ár dtithe i seilbh allúrach.  Dílleachtaí is ea sinn de cheal athar;baintreacha is ea ár máithreacha.  An t-uisce a ólaimid, caithfimid é a cheannach;bíonn orainn íoc as ár n-adhmad féin.  Tá [cuing] ar ár muineál agus tiomáintear go róghéar sinn;nuair a bhímid traochta, ní thugtar sos dúinn.  Ghéilleamar, seal do na hÉigiptigh, seal do na hAsaírigh,chun ár ndóthain bia a fháil.  Pheacaigh ár n-aithreacha; ach níl siadsan ann níos mó;is orainne a agraítear a gcionta.  Tá sclábhaithe dár rialú;agus níl duine ann chun sinn a fhuascailt uathu.  Is i mbaol ár n-anama a fhaighimid soláthar biamar gheall ar shladaithe an fhásaigh. 10  Tá beirfean inár gcraiceann faoi mar a bheimis i sorntoisc cuthach ocrais a bheith dár gciapadh. 11  Rinneadh éigniú ar an mbantracht i Síónagus ar na maighdeana i gcathracha Iúdá. 12  Crochadh ár bhflatha;ní thugtar ómós do sheandaoine. 13  Bíonn na hógfhir ag oibriú na bróagus na garsúin ag tuisliú faoi ualaí adhmaid. 14  Ní bhíonn siúl na seanóirí ar an ngeata níos móagus tá an t-aos óg tar éis éirí as an gceol. 15  Tá deireadh leis an áthas a bhíodh inár gcroíagus rinneadh caoineadh dár gcuid rinnceoireachta. 16  Tá an choróin tar éis titim dár gceann;is mairg dúinn de bhrí gur pheacaíomar. 17  Is é fáth a bhfuil ár gcroíthe go dona tinnagus ár súile go dúdhorcha dall: 18  toisc go bhfuil Sliabh Shíón treascartha tréigtheagus go mbíonn seacáil ag smúrthacht thart ann. 19  Ach maireann tusa, a Thiarna, i do rí go brách;beidh do ríchathaoir ann ó ghlúin go glúin. 20  Cén fáth a ligfeá sinne i ndearmad go deoagus a dtréigfeá sinn go síoraí suthain? 21  Cas ar ais chugat féin sinn, a Thiarna, agus fillfimid ort;athbhunaigh an réim a bhíodh againn anallód. 22  Óir tá tú tar éis sinn a shéanadh amach agus amach,is an-mhór ar fad an fhearg a ghlac tú linn.

Fonótaí