Rómhánaigh 1:1-32
1 Mise Pól, searbhónta Íosa Críost, a bhfuil glaoite air chun bheith ina aspal agus atá dealaithe amach chun dea-scéal Dé.
2 An dea-scéal seo, a gheall Dia roimh ré trína chuid fáithe sna scríbhinní naofa,
3 is faoina Mhac féin é, ár dTiarna Íosa Críost. Rugadh eisean sa mhéid gur duine é de shliocht Dháiví:
4 ach sa mhéid gur spiorad na naofachta é tá sé oirnithe i gcumhacht mar Mhac do Dhia ó aiséirí dó ó mhairbh.
5 Is trídsean a fuair mise grásta an aspail chun géillsine an chreidimh a leathadh ar son a ainm i measc na náisiún uile.
6 Orthusan chomh maith tá sibhse a bhfuil glaoite oraibh chun bheith ina sheilbh ag Íosa Críost.
7 Chugaibhse go léir sa Róimh, más ea, a bhfuil grá ag Dia daoibh agus a bhfuil glaoite oraibh chun bheith in bhur bpobal naofa aige, guím grásta agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost.
8 Ar dtús gabhaim buíochas le mo Dhia trí Íosa Críost mar gheall oraibh uile de bhrí go bhfuil iomrá ar bhur gcreideamh ar fud an domhain go léir.
9 Mar, an Dia a mbím ag seirbhís dó ó m’anam i ndea-scéal a Mhic, tá sé ina fhinné agam air go mbím ag cuimhneamh oraibh gan staonadh i m’urnaithe i gcónaí,
10 agus ag achainí air go n-éireoidh liom ar dhóigh éigin teacht chugaibh ar cuairt faoi dheireadh thiar le deonú Dé.
11 Mar is fada liom go bhfeicfidh mé sibh chun tíolacadh éigin spioradálta a roinnt libh d’fhonn sibh a neartú,
12 go bhfaighinn is é sin, sólás in bhur measc ón gcreideamh atá agaibhse agus agamsa araon le chéile.
13 Ní áil liom, a bhráithre, gan a fhios a bheith agaibh gur minic a chuir mé romham dul ar cuairt chugaibh le súil go mbainfinn fómhar in bhur meascsa chomh maith, mar a bhain mé i measc na ngintlithe eile, ach gur cuireadh bac orm go dtí seo.
14 Tá an dualgas céanna orm i leith Gréagach agus i leith barbar, i leith saoithe agus i leith daoithe.
15 Sin é faoi deara fonn a bheith orm an dea-scéal a fhógairt daoibhse freisin atá sa Róimh.
16 Óir ní náir liom an dea-scéal, mar is é cumhacht Dé é chun slánú a thabhairt do chách a chreideann ann, don Ghiúdach ar dtús agus don Ghréagach chomh maith,
17 mar is ann atá fíréantacht Dé á foilsiú ó chreideamh go creideamh, de réir mar atá scríofa: “Ar chreideamh is ea a mhairfidh an fíréan.”
18 Tá fearg Dé á foilsiú ó neamh in aghaidh éagráifeacht agus urchóid uile na ndaoine úd atá ag coinneáil na fírinne i ngéibheann lena gcuid urchóide.
19 Óir tá a bhfuil le foghlaim faoi Dhia soiléir dóibh de bhrí gur nocht Dia féin dóibh é.
20 Mar ó chruthú an domhain i leith tá a thréithe do-fheicthe—a chumhacht shíoraí agus a dhiagacht—le haithint agus le feiceáil sna nithe atá déanta. Más ea, níl aon leithscéal acu,
21 mar, cé go raibh eolas ar Dhia acu, níor thug siad dó an ghlóir ná an buíochas ba dhual dó mar Dhia. Is amhlaidh a chuaigh siad chun mearbhaill ina gcuid smaointe agus a dalladh an aigne dhúr iontu.
22 Agus iad ag maíomh gur lucht gaoise iad féin, d’imigh siad le baois;
23 mhalartaigh siad glóir an Dé neamhbhásmhair ar íomhánna a raibh cló an duine bhásmhair orthu nó cló éanlaithe nó ainmhithe nó péisteanna.
24 Sin é an fáth ar thug Dia suas iad don mhígheanmnaíocht de réir ainmhianta a gcroí, sa tslí gur thug siad tarcaisne dá gcoirp eatarthu féin.
25 Mhalartaigh siad fírinne Dé ar an mbréag agus thug ómós agus seirbhís don chréatúr mar rogha ar an gcruthaitheoir, moladh go deo leis. Amen.
26 Sin é an fáth ar thug Dia suas do phaisin mhínáireacha iad; mhalartaigh a gcuid ban an taithí nádúrtha ar thaithí mhínádúrtha;
27 agus mar an gcéanna do na fir: thréig siad taithí nádúrtha ban agus las siad le dúil ina chéile, sa tslí go mbíodh fir ag cleachtadh míghnímh le fir agus ag fáil dóibh féin an chúitimh a bhí tuillte ag a gcuid seachráin.
28 Toisc nárbh fhiú leo Dia a choinneáil ar a n-aithne, d’fhág Dia iad gan stuaim, sa tslí go ndéanfaidís nithe nach cuí;
29 bíonn siad líonta den uile shórt urchóide agus mallaitheachta agus sainte agus mailíse; agus bíonn siad lán den fhormad, den dúnmharú, den achrann, den chealg agus den mhioscais; bíonn siad cúlchainteach,
30 béadánach agus bíonn fuath acu do Dhia; bíonn siad uaibhreach, sotalach, maíteach, drochbheartach agus easumhal do thuismitheoirí;
31 bíonn siad gan tuiscint gan tairise, gan taise gan trua.
32 Agus cé gur maith is eol dóibh reacht Dé a deir go bhfuil an bás tuillte ag daoine a dhéanfadh a leithéidí sin, ní hé amháin go ndéanann siad féin iad ach fós molann siad le lucht a ndéanta.