Rómhánaigh 14:1-23
14 Bíodh glacadh agaibh leis an duine atá lag sa chreideamh gan dul ag conspóid leis faoina thuairimí.
2 Creideann duine amháin nach miste dó gach sórt bia a ithe, ach an duine atá lag sa chreideamh ní itheann sé ach glasraí.
3 An duine a itheann, ná bíodh drochmheas aige ar an duine nach n-itheann; agus an duine nach n-itheann, ná bíodh sé ag tabhairt breithe ar an duine a itheann, mar go bhfuil glactha ag Dia leis siúd.
4 Agus cé hé tusa chun breith a thabhairt ar sheirbhíseach duine eile? Seasann sé nó titeann sé i láthair a mháistir féin. Agus is seasamh a dhéanfaidh sé mar tá sé ar chumas an Tiarna é a choimeád ina sheasamh.
5 Bíonn duine ann agus is rogha leis lá seachas a chéile; duine eile agus is mar a chéile leis gach aon lá. Bíodh gach duine socair faoin gceist ina aigne féin.
6 An fear a dhéanann lá áirithe a chomóradh, is chun onóra Dé a dhéanann sé é. Agus an fear a chaitheann cineál áirithe bia is chun onóra Dé a chaitheann sé é agus is do Dhia a altaíonn sé. Agus an fear a staonann ó bhia áirithe is chun onóra Dé a staonann sé uaidh, agus is do Dhia a altaíonn seisean chomh maith.
7 Ní dó féin a mhaireann aon duine againn ná ní dó féin a fhaigheann sé bás.
8 Má mhairimid beo is don Tiarna a mhairimid, agus más bás a fhaighimid is don Tiarna a fhaighimid bás chomh maith. Cibé acu beo nó marbh dúinn, mar sin, is leis an Tiarna sinn.
9 Mar is chuige seo a fuair Críost bás agus a d’éirigh beo: chun go mbeadh tiarnas ar bheo agus ar mhairbh araon aige.
10 Tusa, más ea, cad ab áil leat ag tabhairt breithe ar do bhráthair? Nó tusa, cad ab áil leat drochmheas a bheith ar do bhráthair agat? Mar caithfimid go léir seasamh os comhair suí breithiúnais Dé,
11 mar tá scríofa: “Dar mo bheo,” a deir an Tiarna, “ach go bhfeacfar gach glúin os mo chomhair agus déanfaidh gach teanga admháil do Dhia.”
12 Dá réir sin tabharfaidh gach duine dínn cuntas air féin do Dhia.
13 Éirímis as bheith ag tabhairt breithe ar a chéile feasta más ea agus ina ionad sin cuirigí an méid seo romhaibh: gan ceap tuisle ná titime a chur sa bhealach ar bhráthair.
14 Is eol dom agus táim deimhin de sa Tiarna Íosa nach neamhghlan ní ar bith ann féin; ach má chreideann duine go bhfuil rud neamhghlan is neamhghlan dó sin é.
15 Má bhíonn an bia a chaitheann tusa ag goilliúint ar bhráthair leat, níl tú ag maireachtáil feasta de réir an ghrá. An duine a bhfuair Críost bás ar a shon ná mill é leis an mbia a chaitheann tú.
16 Agus ná tarraingítear míchlú ar an maith seo agaibh,
17 mar ní cúrsaí ite agus óil é ríocht Dé ach fíréantacht agus síocháin agus lúcháir sa Spiorad Naomh.
18 An té a dhéanann seirbhís do Chríost ar an gcuma sin bíonn gean air ag Dia agus gnaoi air ag daoine.
19 Bíodh tóir againn dá réir sin ar an tsíocháin a chothú agus ar bheith ag treisiú le chéile.
20 Ná cuirse obair Dé ar ceal mar gheall ar chúrsaí bia. Tá gach cineál bia glan ann féin ach is olc an mhaise é don duine a mbíonn a n-itheann sé ina chúis tuisle do dhuine eile.
21 Séard ab fhearr a dhéanamh gan feoil a ithe ná fíon a ól ná gníomh ar bith a dhéanamh a bheadh ina chúis tuisle (nó scannail nó laige) do bhráthair.
22 An creideamh atá agat bíodh sé ina threoir duit féin i bhfianaise Dé. Is méanar don duine nach mbíonn ceist ná amhras air faoin rud a mbíonn a aigne socair air.
23 An duine, áfach, a chaitheann bia agus é idir dhá chomhairle, bíonn sé siúd ciontach toisc nach ó chreideamh é; mar is peaca gach ní nach ó chreideamh.