Rómhánaigh 9:1-33

9  Táim ag insint na fírinne i gCríost, agus tá mo choinsias á dhearbhú dom sa Spiorad Naomh, nach aon bhréag dom a rá  go bhfuil dólás mór orm agus arraing gan staonadh i mo chroí.  Níor mhiste liom bheith faoi mhallacht agus dealaithe ó Chríost ar son bhráithre mo chine féin, de réir na colainne.  Iosraelaigh is ea iad; is leosan bheith ina gclann Dé; is leo an ghlóir, na conarthaí, an reacht, an liotúirge agus na gealltanais;  is leo na patrarcaí, agus is díobh an Críost de réir na colainne—an té atá ina Dhia ar an uile ní, moladh go deo leis. Amen.  Ní amhlaidh atá teipthe ar bhriathar Dé, mar ní Iosraelach an uile dhuine de shliocht Iosrael,  ná ní clann Abrahám iad uile toisc gur dá shliocht iad. Ní hea sin, ach mar a deir an scrioptúr: “Is trí Íosác a ainmneofar sliocht duit.”  Is é sin le rá, ní hiad clann na feola atá ina gclann Dé; ní áirítear ina shliocht dó ach an chlann a rugadh de réir an ghealltanais.  Mar is iad seo focail an ghealltanais: “Tiocfaidh mé um an dtaca seo arís agus beidh mac ag Sárá.” 10  Agus ní hé sin amháin é ach i gcás Ribeacá freisin: ghabh sise clann ó aon fhear amháin, ónár sinsear Íosác, 11  ach sular rugadh iad agus sula raibh aon ní olc maith déanta fós acu, 12  dúradh léi: “Beidh an sinsear ag seirbhís don sóisear,” ionas go mbeadh beartas roghnaithe Dé buan agus nach ag brath ar ghníomhartha daoine a bheadh sé ach ar an té a ghlaonn, 13  de réir mar atá scríofa: “Thugas grá do Iacób, agus fuath d’Éasau.” 14  Cad a déarfaimid mar sin? Go bhfuil éagóir ag baint le Dia, an ea? 15  Ní hea ar chor ar bith, mar féach cad a dúirt sé le Maois: “Déanfaidh mé trócaire ar mo rogha duine agus déanfaidh mé trua don duine is rogha liom chomh maith.” 16  Ní rud é, mar sin, atá ag brath ar thoil an duine ná ar a chuid iarrachtaí ach ar thrócaire Dé. 17  Arís sa scrioptúr deir sé le Forann: “Is chuige seo go díreach a d’ardaigh mé thú chun feidhm a bhaint asat le mo chumhacht a thaispeáint agus m’ainm a fhógairt ar fud an domhain go léir.” 18  Dá réir sin déanann sé trócaire ar an duine is rogha leis agus cruann sé an croí ina rogha duine chomh maith. 19  Déarfaidh tú liom, ní foláir: “Cad é an gearán atá aige ar dhaoine, más ea, mar cé a fhéadfaidh cur in aghaidh a thola?” 20  Airiú, cé hé tusa, a dhuine, le bheith tagarthach le Dia? An ndéarfaidh an pota leis an bpotadóir: “Cad ab áil leat mé a dhéanamh mar seo?” 21  An amhlaidh nach bhfuil d’údarás ag an gcriadóir ar an gcré áras chun onóra agus áras chun neamhonóra a dhéanamh den chnapán céanna? 22  Agus, nuair ab áil le Dia a chuid feirge a thaispeáint agus a chuid cumhachta a léiriú, má chuir sé suas go fada foighneach leis na hárais a bhí ina ndíol feirge agus iad ar bhealach a mbasctha, 23  d’fhonn saibhreas a ghlóire a léiriú do na hárais a bhí ina ndíol trócaire agus a bhí ullamh ó thús aige le haghaidh na glóire sin? 24  Mar is sinne a ghlaoigh sé ní as measc na nGiúdach amháin ach as measc na ngintlithe chomh maith. 25  Mar a deir sé i Leabhar Hóisé:“Glaofaidh mé ‘mo phobal féin’ ar phobal nach liom,Agus ‘mo mhuirnín’ uirthi siúd nach muirneach liom, 26  Agus san áit a ndúradh leo: Ní aon phobal liomsa sibh,Glaofar clann Dé bheo orthu ansiúd.” 27  Agus fógraíonn Íseáia faoi Iosrael: “Bíodh clann Iosrael chomh líonmhar le gaineamh na trá, ní shlánófar ach a bhfuíoll, 28  mar go nglanfaidh an Tiarna an scór leis an tír go hachomair agus go cinnte.” 29  Agus mar a thairngir Íseáia: “Ach gur fhág Tiarna na slua sliocht againn bheimis ar nós Shodom agus ar chuma Ghomorá.” 30  Cad a déarfaimid mar sin? An méid seo: na gintlithe nach raibh aon tóir ar fhíréantacht acu, bhain siad amach í, an fhíréantacht a thagann ó chreideamh. 31  Iosrael, áfach, a bhí ag tóraíocht dlí fíréantachta, níor tháinig siad suas leis an dlí sin. 32  Agus cad é an fáth? De bhrí nach ar chreideamh a bhí siad ag brath ach ar ghníomhartha. Bhuail siad a gcos faoin gceap tuisle 33  mar atá scríofa: “Feach, tá ceap tuisle agus carraig oilbhéime á leagan agam i Síón; ach an té a chreideann ann, ní bheidh díomá air.”

Fonótaí