Eabhraigh 10:1-39
10 Scáil éideimhin de na maitheasaí atá le teacht is ea an dlí; ní íomhá fhírinneach í, áfach, de na nithe neamhaí. Mar sin de, bíodh go n-ofráltar na híobairtí céanna bliain i ndiaidh bliana, ní féidir leis an dlí an lucht ofrála a shlánú go hiomlán ar aon chor.
2 Dá mb’fhéidir leis, nach n-éireofaí ar fad as na híobairtí seo a ofráil? Óir, dá mba gur glanadh an lucht adhartha óna gcuid peacaí go léir an t-aon uair amháin ní bheadh buaireamh coinsiasa orthu feasta mar gheall orthu.
3 Ina ionad sin, áfach, tugtar a gcuid peacaí chun cuimhne dóibh bliain i ndiaidh bliana leis na híobairtí.
4 Leis an bhfírinne a rá, ní féidir le fuil tharbh agus ghabhar peacaí a chur ar ceal.
5 Sin é an fáth a ndeir Críost agus é ag teacht isteach sa saol seo:
“Níorbh áil leat íobairt ná tabhartas;ach d’ullmhaigh tú corp dom.
6 Ní raibh dúil agat in íobairtí uileloiscthe ná snaofrálacha a dhéantaí ar son peacaí.
7 Dúirt mé ansin: ‘Féach, táim ag teacht, a Dhiachun do thoil a dhéanamh,’faoi mar atá sé scríofa fúm sa Leabhar.”
8 Sa chéad áit dúirt sé: “Níorbh áil leat íobairtí ná tabhartais ná íobairtí uileloiscthe ná ofrálacha a dhéantaí ar son peacaí ná ní raibh aon dúil agat iontu,” bíodh go n-ofráltar iad de réir an dlí.
9 Ansin dúirt sé: “Féach, táim ag teacht chun do thoil a dhéanamh.” Sa tslí seo chuir Dia na chéad íobairtí ar ceal d’fhonn an dara ceann a bhunú.
10 Agus toisc gurbh é sin ba thoil leis, naomhaíodh sinn tríd an ofráil a rinne Íosa Críost dá chorp féin an t-aon uair amháin ar fad.
11 Téann gach sagart i mbun a chúraimí liotúirgeacha lá i ndiaidh lae. Ofrálann siad na híobairtí céanna go minic ach ní féidir leo sin peacaí a chur ar ceal.
12 Níor ofráil Críost ach an t-aon íobairt shíoraí amháin ar son peacaí. Ansin chuaigh sé ina shuí ar dheis Dé
13 mar a bhfuil sé ag feitheamh feasta nó go gcuirfear a naimhde mar stóilín faoina chosa.
14 Mar sin de, le haon íobairt amháin tá slánú iomlán síoraí faighte aige do na daoine a naomhaítear.
15 Tugann an Spiorad Naomh fianaise dúinn air seo freisin. Óir tar éis dó a rá:
16 “Seo é an conradh a dhéanfaidh mé leo tar éis na laethanta sin, a deir an Tiarna: Cuirfidh mé mo dhlíthe isteach ina gcroí agus scríobhfaidh mé ar a n-aigne iad,”
17 deir sé: “Ní chuimhneoidh mé ar a bpeacaí ná ar a gcionta feasta.”
18 Dá bhrí sin, nuair a bhíonn peacaí maite, ní gá ofráil a dhéanamh ar a son níos mó.
19 Dá bhrí sin, a bhráithre, tá sé de cheart againn anois dul isteach san Áit Rónaofa de bhrí gur doirteadh fuil Íosa amach ar ár son.
20 Is amhlaidh a d’oscail sé bealach nua chun na beatha dúinn tríd an gcuirtín, is é sin le rá, trína chuid feola féin.
21 Tá ardsagart againn, freisin, a bhfuil Teach Dé faoina chúram anois.
22 Mar sin de, téimis isteach le croí ionraic agus le creideamh iomlán; bíodh ár gcroíthe glan ó gach smál coinsiasa agus ár gcoirp nite le fíoruisce.
23 Coinnímis greim daingean dobhogtha ar an dóchas a admhaímid a bheith againn, mar is dílis an té a thug na gealltanais uaidh.
24 Agus tugaimis aird ar a chéile chun go spreagfaimid a chéile chun grá a thaispeáint dá chéile agus chun dea-oibreacha a dhéanamh.
25 Ná fanaimis as láthair ónár gcomhthionól mar a dhéanann daoine áirithe, ach bímis ag misniú a chéile, go mór mór ó fheiceann sibh go bhfuil Lá an Tiarna ag druidim linn.
26 Má leanaimid orainn ag déanamh an pheaca dár lántoil féin, tar éis dúinn eolas a fháil ar an bhfírinne, níl íobairt ar bith ann chun ár bpeacaí a thógáil dínn.
27 Níl le déanamh ach fanacht go critheaglach le breithiúnas Dé agus leis an gcraos tine a ídeoidh a naimhde.
28 Aon duine a bhriseann dlí Mhaois cuirtear chun báis é gan trócaire ar fhianaise beirte nó triúir.
29 Más ea, nach dóigh libh gur measa go mór ná sin an pionós a chuirfear ar an duine a shatail ar Mhac Dé agus a chaith drochmheas ar fhuil an conartha ar naomhaíodh é léi agus a thug masla do Spiorad an ghrásta?
30 Tá a fhios againn cé hé a dúirt: “Mise a imreoidh díoltas; mise a chúiteoidh,” agus fós: “Tabharfaidh an Tiarna breithiúnas ar a phobal.”
31 Is uafásach an rud é titim i lámha Dé bheo.
32 Cuimhnígí ar an am fadó nuair a fuair sibh solas an chreidimh ar dtús. Is minic a bhí saol crua anróiteach le fulaingt agaibh.
33 Uaireanta maslaíodh sibh agus tugadh drochíde daoibh go poiblí; uaireanta eile chuaigh sibh i bpáirt le daoine ar cuireadh an drochbhail chéanna orthu.
34 Ghlac sibh trua do phríosúnaigh agus nuair a tógadh bhur maoin shaolta uaibh go héagórach chuir sibh suas leis go háthasach mar bhí a fhios agaibh go raibh maoin níos fearr agus níos buaine fós agaibh.
35 Dá bhrí sin, ná cailligí bhur misneach; óir is mór é an luach saothair atá ag dul dó.
36 Tá gá agaibh le foighne, áfach, le go ndéanfaidh sibh toil Dé agus go bhfaighidh sibh na maitheasaí a gealladh daoibh.
37 “I gceann tamaillín bhig eile tiocfaidh an Té atá le teacht agus ní dhéanfaidh sé moill.
38 Mairfidh an fíréan seo agamsa de bharr a chreidimh. Ach má thugann sé a chúl leis ní bheidh gnaoi agam air.”
39 Ní daoine sinne a thabharfaidh ár gcúl leis an gcreideamh sa chaoi go gcaillfear sinn, ach daoine a chloífidh leis nó go sábháilfear ár n-anam.