Eaxodus 18:1-27

18  Chuala Iatró, sagart Mhidián, a raibh déanta ag Dia do Mhaois agus d’Iosrael a phobal agus conas mar a thug an Tiarna Iosrael amach as an Éigipt.  Tar éis í a bheith curtha chun siúil, thóg Iatró athair céile Mhaois, Zipiorá bean Mhaois  agus a beirt mhac. Bhí Géirsiom ar dhuine acu mar go ndúirt sé: “Is deoraí mé i dtír iasachta”;  agus bhí Eilíeizir (“Dia Mo Chabhair”) mar ainm ar an bhfear eile mar go ndúirt sé: “Dia m’athar mo chabhair mar d’fhuascail sé mé ó chlaíomh Fhorainn.”  Agus tháinig Iatró, athair céile Mhaois, chun Maois lena bheirt mhac agus lena bhean mar a raibh a champa aige san fhásach ag sliabh Dé.  “Seo chugat athair do chéile, Iatró, agus do bhean agus do bheirt mhac ina teannta,” a dúradh le Maois.  Amach le Maois in airicis athair a chéile agus shléacht sé dó agus phóg é; tar éis dóibh tuairisc sláinte a chéile a chur, chuadar isteach sa bhoth.  Ansin d’eachtraigh Maois d’athair a chéile a ndearna an Tiarna le Forann agus leis na hÉigiptigh mar mhaithe le clann Iosrael, agus a dtainig de chruatan orthu ar an mbealach agus conas a d’fhuascail an Tiarna iad.  Tháinig áthas croí ar Iatró de bharr a ndearna an Tiarna de mhaith d’Iosrael á bhfuascailt ó lámha na nÉigipteach. 10  “Go mbeannaítear an Tiarna,” arsa Iatró ansin, “mar gur fhuascail sé sibh ó lámha na nÉigipteach, agus ó lámha Fhorainn. 11  Anois is ea atá a fhios agam gur mó an Tiarna ná na déithe go léir, mar gur fhuascail sé an pobal ó lámha na nÉigipteach nuair a bhíodar go huaibhreach leo.” 12  Ansin d’ofráil Iatró athair céile Mhaois íobairt loiscthe agus ofrálacha do Dhia agus tháinig Árón agus seanóirí Iosrael go léir chun an béile a chaitheamh i gcuideachta athair céile Mhaois os comhair Dé. 13  Lá arna mhárach shuigh Maois i mbun bhreithiúnas an phobail agus bhí an pobal ina seasamh ina thimpeall ó mhaidin go tráthnóna. 14  Nuair a chonaic athair a chéile a raibh aige á dhéanamh don phobal dúirt sé: “Cad chuige an t-ualach seo go léir a ghabháil ort féin ar son an phobail? Cad a b’áil leat i do shuí leat féin agus an pobal ina seasamh i do thimpeall ó mhaidin go tráthnóna?” 15  Thug Maois freagra ar athair a chéile: “Mar go dtagann an pobal chugam chun a gcásanna a chur faoi bhráid Dé. 16  Nuair a bhíonn aighneas eatarthu, tagann siad chugamsa agus réitímse na heasaontais idir duine agus a chomharsa agus tugaim teagasc dóibh i dtaobh reachtanna Dé agus a bhreithiúnais.” 17  “Ní cóir duit,” arsa athair chéile Mhaois leis, “an t-ualach seo a chur ort féin. 18  Déanfar thú féin agus do phobal mar aon leat a thraochadh. Tá an obair róthrom duit; ní féidir duit é a dhéanamh leat féin. 19  Déan rud orm; cuirfidh mé comhairle ort agus beidh Dia leat. Ní foláir duit seasamh i láthair Dé agus a gcúiseanna a chur faoi bhráid Dé. 20  Múin dóibh na reachtanna agus na socruithe, agus taispeáin dóibh an cosán atá le siúl acu agus na hoibreacha atá le déanamh acu. 21  Ach togh as an bpobal i gcoitinne fir a bhfuil cumas iontu agus eagla Dé orthu, fir chreidiúnacha dhobhreabtha; agus ceap iad seo ina gceannairí ar an bpobal i bhfeighil mílte agus céadta agus leathchéadta agus deichniúr. 22  Bídís-sean i mbun breithiúnais don phobal i gcónaí. Cuiridís gach fadhb mhór faoi do bhráidse, ach breithnídís féin na mioncheasta, rud a fhágfaidh an scéal níos saoraidí agatsa mar go roinnfear an t-ualach leat. 23  Má dhéanann tú amhlaidh agus go n-ordaíonn Dia amhlaidh duit, féadfaidh tú cur suas le d’ualach, agus rachaidh na daoine seo go léir abhaile faoi shíocháin.” 24  Thug Maois aird ar chomhairle athair a chéile agus rinne sé rud air. 25  Thogh Maois daoine cumasacha as Iosrael ar fad agus chuir i bhfeighil an phobail iad, ina gceannairí mílte, agus céadta, agus leathchéadta agus deichniúr. 26  Bhídís i mbun breithiúnais don phobal i gcónaí. Chuiridís na mórcheasta faoi bhráid Mhaois, ach réitídís féin na mioncheasta. 27  Ansin lig Maois dá athair céile imeacht, agus d’imigh seisean leis chun a dhúiche féin.

Fonótaí