Eaxodus 28:1-43
28 “Glac chugat de chlann Iosrael do dhearthair Árón agus a chlann mhac le bheith ina sagairt i mo sheirbhís—Árón agus a chlann mhac: Nádáb, Aibíchiú, Eileázár agus Íteámár.
2 Déanfaidh tú éidí naofa do Árón do dheartháir dochum glóire agus maise.
3 Tabharfaidh tú treoracha do chách a bhfuil éirim ann, iad siúd dá dtug mé éirim aigne, chun éidí Árón a dhéanamh dá choisreacan do mo shagartacht.
4 Seo iad na héidí atá le déanamh acu: lúireach agus éafód agus fallaing agus ionar bróidnithe agus ceannbheart agus crios. Déanfaidh siad éidí naofa do do dheartháir Árón agus dá mhaca le fónamh dom mar shagairt.
5 Bíodh acu don ghnó ór, ábhar gorm agus corcra agus craorag agus línéadach mín cas.
6 “Déanfaidh siad an t-éafód d’ór agus d’ábhar gorm agus corcra agus craorag agus de línéadach mín cas fite le barr slachta.
7 Beidh dhá ghuailleán ceangailte dá dhá imeall á choimeád le chéile.
8 Agus an crios fite air a bheidh á choimeád, beidh sé den déantus céanna, d’ór, d’ábhar gorm agus corcra agus craorag agus de línéadach cas mín.
9 Glacfaidh tú chugat dhá chloch oinisce agus déanfaidh tú ainmneacha chlann Iosrael a ghreanadh orthu;
10 sé ainmneacha acu ar chloch díobh agus na sé ainmneacha eile ar an gcloch eile, de réir ord a mbreithe.
11 Faoi mar a dhéanann seodóir séala a ghreanadh, sin mar a dhéanfaidh tú an dá chloch a ghreanadh le hainmneacha chlann Iosrael, agus iad a leagan i gcumhdach fiolagráin óir.
12 Agus cuirfidh tú an dá chloch ar dhá ghuailleán an éafód mar chlocha cuimhne chlann Iosrael, agus déanfaidh Árón a n-ainmneacha a iompar ar a ghuaillí mar chuimhne i láthair an Tiarna.
13 Déanfaidh tú cumhdaigh d’fhiolagrán óir,
14 agus dhá shlabhra d’ór fíre, fite mar chorda, agus ceanglóidh tú na slabhraí fite do na cumhdaigh.
15 “Déanfaidh tú lúireach bhreithiúnais, d’obair shlachtmhar; déanfaidh tú í ar dhéantús an éafód; d’ór agus d’ábhar gorm agus corcra agus craorag, agus de línéadach mín cas a dhéanfaidh tú í.
16 Beidh sí cearnógach, fillte uirthi féin, réise ar fad agus réise ar leithead.
17 Leagfaidh tú ceithre shraith cloch inti: sard, tópas agus carmhogal sa chéad sraith;
18 smaragaid, saifír, agus diamant sa dara sraith;
19 iasaint, agáit, agus aimitis sa tríú sraith,
20 beiril, oinisc agus seaspar sa cheathrú sraith. Beidh siad go léir ar leaba d’fhiolagrán óir.
21 Beidh ainmneacha chlann mhac Iosrael orthu agus a dó dhéag a líon de réir líon na n-ainmneacha orthu; beidh siad greanta mar a bheadh séalaí, a ainm féin greanta ar gach ceann, ag freagairt don dá threibh déag.
22 Déanfaidh tú slabhraí d’ór fíre, fite mar chorda, don lúireach.
23 Déanfaidh tú dhá fháinne óir don lúireach agus iad a ghreamú dá dhá chúinne uachtaracha.
24 Cuirfidh tú an dá shlabhra d’ór fite sa dá fháinne atá ar chúinní na lúirí.
25 Ceanglóidh tú dhá cheann eile na slabhraí den dá chumhdach fiolagráin i slí is go ngreamóidh tú iad de ghuailleáin an éafód chun tosaigh.
26 Déanfaidh tú dhá fháinne óir agus iad a ghreamú do dhá chúinne íochtaracha na lúirí, ar an bhfáithim laistigh le hais an éafód.
27 Déanfaidh tú dhá fháinne óir eile agus iad a ghreamú d’íochtar dhá ghuailleán an éafód chun tosaigh in aice leis an gceangal, lastuas de chrios fite an éafód.
28 Caithfear an lúireach a cheangal don éafód le lása gorm trína bhfáinní araon, i dtreo go luífidh sí ar chrios fite an éafód agus nach scarfadh an lúireach ón éafód.
29 Ar an gcuma sin iompróidh Árón ainmneacha chlann mhac Iosrael i lúireach an bhreithiúnais ar a chroí nuair a rachaidh sé isteach san áit naofa, d’fhonn iad a thabhairt chun cuimhne de shíor i láthair an Tiarna.
30 Cuirfidh tú an tÚirím agus an Tuimím sa lúireach chun go mbeidís ar chroí Árón nuair a rachaidh sé isteach i láthair an Tiarna; ar an gcuma sin iompróidh Árón breithiúnas chlann Iosrael ar a chroí i láthair an Tiarna de shíor.
31 “Déanfaidh tú fallaing an éafód go léir d’ábhar gorm.
32 Beidh oscailt intí don cheann agus fáithim fite timpeall na hoscailte, dála na hoscailte i gcathéide, d’fhonn nach sracfaí í.
33 Ar a fáithim íochtair cuirfidh tú maisiú de phomagránaití, d’ábhar gorm agus corcra agus craorag ar fháithim na fallainge timpeall, agus cloigíní óir eatarthu.
34 Beidh siad gach re ceann, cloigín óir agus pomagránait, cloigín óir agus pomagránait, timpeall ar fháithimí na fallainge.
35 Caithfidh Árón í nuair a dhéanfaidh sé seirbhís agus cloisfear a glór nuair a rachaidh sé isteach san áit naofa i láthair an Tiarna, agus nuair a thiocfaidh sé amach, á chosaint ón mbás.
36 “Déanfaidh tú lann d’ór fíre agus ‘Naofa don Tiarna’ a ghreanadh uirthi mar a ghreanfaí ar shéala.
37 Greamóidh tú í den cheannbheart le lása glas; ar thosach na ceannbhirte a chuirfear í.
38 Caithfidh Árón ar a éadan í agus iompróidh Árón air féin cibé lochtanna a bhíonn ar na hofrálacha naofa a chroisriceann clann Iosrael mar íobairtí naofa; beidh sí de shíor ar a éadan d’fhonn is go nglacfaí leo i láthair an Tiarna.
39 Déanfaidh tú an t-ionar a fhí le bróidnéireacht de línéadach mín; déanfaidh tú ceannbheart de línéadach mín agus crios maisithe le hobair shnáthaide.
40 “Agus do mhaca Árón déanfaidh tú ionair agus criosanna agus boinéid, déanfaidh tú iad mar ghlóir agus mar scéimh.
41 Cuirfidh tú iad seo ar do dheartháir Árón agus ar a mhic chomh maith leis, agus déanfaidh tú iad a ungadh agus a oirniú agus a choisreacan d’fhonn go ndéanfaidís seirbhís dom mar shagairt.
42 Déanfaidh tú brístí línéadaigh chun a nochtacht a chlúdach ó áranna go sliasta síos.
43 Beidh siad ar Árón agus ar a mhaca nuair a rachaidh siad isteach i mBoth na Teagmhála, nó nuair a thiocfaidh siad i gcóngar na haltóra chun seirbhís a dhéanamh sa sanctóir, le heagla go dtabharfaidís ciontacht éigin anuas orthu féin agus iad a fháil bháis. Beidh sé sin ina reacht go brách dó féin agus dá shliocht ina dhiaidh.