Eaxodus 7:1-25
7 Dúirt an Tiarna le Maois: “Féach! déanfaidh mé dia díot d’Fhorann agus beidh Árón do dheartháir mar fháidh agat.
2 Caithfidh tú féin gach a n-ordóidh mé duit a insint dó agus déarfaidh Árón le Forann clann Iosrael a ligean as a thír.
3 Déanfaidh mise croí Fhorainn a chruachan agus comharthaí agus míorúiltí a chur i ngníomh i dtír na hÉigipte.
4 Ní éisteoidh Forann libhse; agus leagfaidh mise dá bhrí sin mo lámh ar an Éigipt agus seolfaidh mé mo shluaite, mo phobal, clann Iosrael amach as tír na hÉigipte le héachtaí breithiúnais.
5 Agus tabharfar le fios do na hÉigiptigh go léir gur mise an Tiarna nuair a shínfidh mé mo lámh in aghaidh na hÉigipte agus a thabharfaidh mé clann Iosrael amach óna measc.”
6 Rinne Maois agus Árón amhlaidh; rinneadar gach a ndúirt an Tiarna leo.
7 Bhí Maois ceithre fichid bliain d’aois agus Árón trí bliana agus ceithre fichid nuair a labhraíodar le Forann.
8 Dúirt an Tiarna le Maois agus le hÁrón:
9 “Nuair a déarfaidh Forann libh: ‘Déanaigí míorúilt mar chruthúnas oraibh féin,’ ní foláir duitse a rá le hÁrón: ‘Tóg do shlat agus caith síos ansiúd ar bhéala Fhorainn í agus déantar nathair nimhe di.’”
10 Chuaigh Maois agus Árón dá bhrí sin go Forann agus rinneadar mar a d’ordaigh an Tiarna dóibh. Chaith Árón a shlat síos ar bhéala Fhorainn agus a shearbhóntaí agus rinneadh nathair nimhe di.
11 Ansin chuir Forann chomh maith fios ar a shaoithe agus ar a asarlaithe agus le barr draíochta rinne draíodóirí na hÉigipte mar an gcéanna.
12 Chaith gach duine díobh a shlat uaidh ar an talamh agus rinneadh nathair nimhe di. Ach shlog slat Árón slata na ndraíodóirí.
13 Ach bhí croí Fhorainn cruaite agus ní éisteodh sé leo faoi mar a dúirt an Tiarna.
14 Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Tá croí Fhorainn ina chloch. Diúltaíonn sé ligean don phobal imeacht.
15 Éirigh go Forann ar maidin agus é ag dul chun an uisce, agus fan leis ar bhruach na habhann agus tabhair leat i do láimh an tslat a ndearnadh nathair nimhe di.
16 Abair leis mar seo: ‘Sheol an Tiarna, Dia na nEabhrach, mise chugat á rá: Lig do mo phobal imeacht go ndéanfaidh siad íobairt dom san fhásach; féach, níor thug tú aon toradh orm fós.
17 Mar seo a deir an Tiarna: Tabharfar le fios duit ar an gcuma seo gur mise an Tiarna: leis an tslat seo i mo láimh buailfidh mé uisce na habhann agus déanfar fuil de.
18 Gheobhaidh na héisc san abhainn bás agus bréanfaidh an t-uisce agus beidh an ghráin ag na hÉigiptigh ar uisce a ól aisti.’”
19 Dúirt an Tiarna le Maois: “Abair le hÁrón: ‘Tóg do shlat agus sín do lámh os cionn uiscí na hÉigipte ar fad, os cionn a n-aibhneacha agus os cionn a gcanálacha, os cionn a mbogach agus os cionn a linnte i dtreo go ndéanfar fuil díobh go léir ar fud tír na hÉigipte, go fiú lán an tobáin agus an chrúsca.’”
20 Rinne Maois agus Árón mar a d’ordaigh an Tiarna dóibh. D’ardaigh sé a shlat i bhfianaise Fhorainn agus i bhfianaise a shearbhóntaí, agus bhuail sé an t-uisce a bhí san abhainn agus rinneadh fuil dá raibh d’uisce san abhainn.
21 Fuair an t-iasc a bhí san abhainn bás agus bhréan an abhainn i dtreo nár fhéad na hÉigiptigh uisce a ól aisti; agus bhí fuil ar fud thalamh na hÉigipte go léir.
22 Ach rinne draíodóirí na hÉigipte mar an gcéanna lena gcleasa draíochta; agus d’fhan croí Fhorainn crua mar a bhí agus, faoi mar a bhí ráite ag an Tiarna, ní éisteodh sé leo.
23 D’fhill Forann agus d’imigh ar ais chun a thí agus níor thóg sé ceann fiú amháin de seo.
24 Rinne na hÉigiptigh go léir poill a thochailt ar feadh na habhann chun uisce a fháil le hól mar nárbh fhéidir leo uisce na habhann a ól.
25 Ghabh seacht lá thart tar éis don Tiarna an abhainn a bhualadh.