Eifisigh 2:1-22

2  Lá den saol bhí sibhse marbh de bharr na gcionta agus na bpeacaí a chleacht sibh  nuair a leanadh sibh bealaí an tsaoil seo agus nuair a ghéilleadh sibh do phrionsa ríocht an aeir, don spiorad úd atá ag gníomhú inniu féin i lucht na míréire.  Bhíomarna uile ar an mbuíon sin tráth, nuair a ghéillimis d’ainmhianta na colainne agus nuair a dhéanaimis riar na colainne agus a cuid smaointe. Bhí fearg Dé anuas orainne ó dhúchas chomh maith le cách eile.  Ach bhí Dia lán de thrócaire agus thug sé grá chomh mór sin dúinn  fiú amháin nuair a bhíomar marbh de dheasca ár gcionta, gur athbheoigh sé sinn in éineacht le Críost—is in aisce a slánaíodh sibh—  gur thóg sé sinn ó mhairbh in éineacht leis agus gur chuir inár suí sinn sna flaithis in Íosa Críost,  d’fhonn a léiriú do na haoiseanna a bhí le teacht chomh hollmhór is a bhí stór a ghrásta agus a fhlaithiúlacht a bhí sé linne i gCríost Íosa.  Mar is le grásta a slánaíodh sibh, trí chreideamh. Ní uaibh féin é; is tabhartas é ó Dhia.  Agus ní de bharr oibreacha i dtreo nach bhfuil cúis mhaíte ag duine ar bith. 10  Is dá dhéantús sinn mar gur cruthaíodh i gCríost Íosa sinn chun ár saol a thabhairt i mbun na ndea-oibreacha a bhí ullamh roimh ré dúinn ag Dia. 11  Cuimhnígí, dá bhrí sin, ar an mbail a bhí oraibhse tráth—sibhse na gintlithe ó dhúchas a raibh “lucht an fhorchraicinn” mar ainm oraibh ag an dream a thugadh “lucht an timpeallghearrtha” orthu féin, ag tagairt don mharc lámhdhéanta úd ar an gcolainn. 12  Cuimhnígí go raibh sibh an uair úd ar deighilt ó Chríost, nach raibh aon chuid agaibh i stát Iosrael ná aon pháirt agaibh sna conarthaí ná sna gealltanais, go raibh sibh gan dóchas sa saol agus gan Dia féin. 13  Anois, áfach, tá sibh i gCríost Íosa; sibhse a bhí tráth i bhfad i gcéin, tá sibh tagtha i ngaire de bharr fhuil Chríost. 14  Mar is eisean ár síocháin; is é a rinne aon bhuíon amháin den dá phobal nuair a leag sé ar lár an balla deighilte, an naimhdeas ina cholainn, 15  agus chuir ar ceal an dlí agus a chuid aitheanta agus forálacha d’fhonn aon duine nua amháin a dhéanamh den bheirt ann féin trí shíocháin a dhéanamh eatarthu, 16  agus an dá bhuíon a thabhairt chun athmhuintearais le Dia in aon chorp amháin leis an gcrois ar ar chuir sé an naimhdeas chun báis. 17  Tháinig sé ag fógairt dea-scéal na síochána daoibhse a bhí i bhfad uaidh agus dóibh sin a bhí ina chóngar; 18  mar is tríd atá teacht againn araon ar an Athair faoi luí an aon Spioraid. 19  Dá réir sin ní eachtrannaigh ná coimhthígh sibh a thuilleadh ach comhshaoránaigh leis na naoimh agus baill de líon tí Dé. 20  Is foirgneamh sibh a bhfuil na haspail agus na fáithe ina mbunsraith faoi agus Críost Íosa féin ina chloch chinn chúinne aige. 21  Is ann a nasctar an foirgneamh ar fad le céile agus éiríonn sé in airde ina theampall naofa sa Tiarna. 22  Is ann chomh maith atá sibhse do bhur gcomhthógáil agus áit chónaithe Dé á dhéanamh díbh faoi luí an Spioraid.

Fonótaí