Eistir 1:1-22
1 Le linn Aisiuéaróis—an tAisiuéaróis a bhí i réim os cionn céad seacht gcúige is fiche ón Ind go dtí an Aetóip—
2 sna laethanta sin agus an rí Aisiuéaróis ina shuí ina ríchathaoir i Súsa,
3 sa tríú bliain dá réimeas, rinne sé fleá agus féasta dá fhlatha agus dá fheidhmeannaigh, do cheannasaithe airm na bPeirseach agus na Méideach, agus do ghobharnóirí na gcúigí.
4 Nocht sé do chách ar an gcuma sin saibhreas a ríochta glórmhaire, agus taibhse agus poimp a mhórgachta lá i ndiaidh lae ar feadh céad agus ceithre fichid lá.
5 Nuair a bhí an tréimhse sin thart, rinne an rí fleá dá raibh ag cur fúthu i ndúnfort Shúsa, idir uasal agus íseal, ar feadh seacht lá i gcúirt phálás an rí.
6 Bhí cuirtíní bána agus gorma ar crochadh ann le cordaí míne lín agus snáithe corcra ó fháinní airgid agus ó cholúin mharmair; bhí toilg óir agus airgid cóirithe ar urlár de pharfaraí, de mharmar, de néamhann, agus de chlocha lómhara.
7 Dáileadh deoch orthu as soithí éagsúla óir agus flúirse den fhíon ríoga de réir féile an rí.
8 Ar ordú an rí ámh, ní raibh an t-ól éigeantach, óir d’ordaigh sé do reachtairí a theaghlaigh a rogha cóir a chur ar gach aoi.
9 Rinne an bhanríon Vaistí fleá mar an gcéanna do na mná i bpálás an rí Aisiuéaróis.
10 Ar an seachtú lá nuair a bhí an rí súgach ag an bhfíon, thug sé ordú don seachtar coillteán a bhí ag freastal ar phearsa an rí Aisiuéaróis—.i. Mahúmám, Bizteá, Harbóná, Bigteá, Abagtá, Zéatar agus Carcas—
11 an bhanríon Vaistí faoina coróin ríoga a thabhairt i láthair an rí chun a scéimh a thaispeáint don phobal agus do na gobharnóirí, mar ba sciamhach an bhean í.
12 Ach dhiúltaigh an bhanríon Vaistí teacht i láthair faoi mar a d’ordaigh an rí ó bhéal a choillteán. Tháinig fearg agus cuthach buile ar an rí,
13 agus chuaigh sé i gcomhairle leis na saoithe [dlí] mar ba é an nós é cúraimí an rí a chur i gcomhairle saoithe dlí agus breithiúnais.
14 Ghairm sé chuige Cairseaná, Séatár, Admátá, Tairsís, Meiris, Marsaná, agus Mamúcán, seachtar gobharnóirí na Peirse agus na Méide, a raibh bheith istigh i láthair an rí acu agus a raibh tús áite acu ar chomhairle an rí.
15 D’fhiafraigh sé: “Cad tá le déanamh leis an mbanríon Vaistí, de réir an dlí, mar nár chomhlíon sí ordú an rí Aisiuéaróis ó bhéal na gcoillteán.”
16 D’fhreagair Mamúcán i láthair an rí agus na ngobharnoirí: “Ní ar an rí amháin a rinne Vaistí an bhanríon éagóir, ach ar a bhfuil de ghobharnóirí agus de chiníocha i gcúigí uile an rí Aisiuéaróis.
17 Óir cluinfidh na mná go léir faoina ndearna an bhanríon agus spreagfaidh sin iad le drochmheas a bheith acu ar a bhfir chéile mar déarfaidh siad: ‘Thug an rí Aisiuéaróis ordú don bhanríon Vaistí teacht ina láthair, ach níor tháinig.’
18 Cluinfidh mná gobharnóirí uile na Peirse agus na Méide faoi fhreagra na banríona inniu féin, agus beidh an sórt céanna cainte acu le gobharnóirí an rí, agus beidh drochmheas agus fearg inár dtimpeall ina dtuile.
19 Ar an ábhar sin, más toil leis an rí é, eisíodh an rí forógra, agus scríobhtar é i ndlíthe do-athraithe na bPeirseach agus na Méideach, gan Vaistí a theacht i láthair an rí go brách arís; agus tugadh an rí a gradam ríoga do bhean níos fearr ná í.
20 Déantar an forógra seo a thabharfaidh an rí á fhógairt ó cheann ceann a ríochta fairsinge, agus tabharfaidh na mná go léir urraim dá bhfir chéile, idir uasal agus íseal.”
21 Thaitin an chomhairle sin leis an rí agus leis na gobharnóirí agus rinne an rí rud ar Mhamúcán.
22 Chuir sé litreacha go dtí cúigí uile a ríochta i scríbhinn gach cúige agus i dteanga gach cine á ordú gach fear a bheith i gceannas ar a theaghlach féin (agus a labhairt i dteanga a chine féin).