Eistir 3:1-15
3 Tamall ina dhiaidh sin thug an rí Aisiuéaróis ardú céime do Hámán mac Hamadátá, Agágach, thug gradam breise dó, agus thug tosaíocht dó ar a chomhghleacaithe go léir,
2 agus thug ordú nár mhór do gach duine a bhí ag geata an rí glúin a fheacadh agus urraim a thaispeaint do Hámán. Ach níor fheac Mordacaí glúin na níor thug urraim dó.
3 D’fhiafraíodh feidhmeannaigh an rí a bhí ag an ngeata de Mhordacaí: “Cad chuige duit ordú an rí a shárú?”
4 Agus ó tharla go mbídís á rá sin leis gach lá, agus gan aird ar bith aige orthu, d’insíodar an scéal do Hámán, óir ba mhian leo a fheiceáil an seasfadh Mordacaí an fód, óir d’inis sé dóibh gur Giúdach é féin.
5 Nuair a thug Hámán faoi deara nach bhfeacadh Mordacaí glúin dó agus nach dtugadh sé urraim dó, tháinig fraoch feirge air.
6 Ba scorn leis más ea lámh a leagan ar Mhordacaí amháin, mar cuireadh in iúl do cén cine gur díobh é. Bheartaigh sé na Giúdaigh go léir a bhí scaipthe ar fud ríocht Aisiuéaróis a scriosadh mar gurbh iad muintir Mhordacaí iad.
7 Sa chéad mhí, Níosán is é sin, sa dara bliain déag de réimeas Aisiuéaróis, caitheadh púr (.i. an crann) i láthair Hámán don lá agus don mhí, agus thit an crann ar an dara mí déag, Adár is é sin.
8 Ansin dúirt Hámán le hAisiuéaróis an rí: “Tá cine áirithe scaipthe go fada fairsing i measc na gciníocha eile i gcúigí uile do ríochta; ní ionann a ndlíthe agus dlíthe aon chine eile, ní choimeádann siad dlíthe an rí, agus ní oireann sé don rí cur suas leo.
9 Más áil leis an rí é, tugadh sé ordú iad a dhíothú, agus díolfaidh mise deich míle tallann airgid le riarthóirí an rí le cur sa chiste ríoga.”
10 Ansin bhain an rí an fáinne séala dá mhéar agus thug do Hámán mac Hamadátá an tAgágach, namhaid na nGiúdach é.
11 Dúirt an rí le Hámán: “Bíodh an t-airgead agat, agus na daoine chomh maith agus déan do rogha rud leo.”
12 Ansin, ar an tríú lá déag den chéad mhí, glaodh ar scríobhaithe an rí agus scríobhadh síos na horduithe a thug Hámán do ghobharnóirí an rí, do cheannasaithe gach cúige, agus do thaoisigh gach cine; do gach cúige ina scríbhinn féin agus do gach cine ina dteanga féin; síníodh an forógra in ainm an rí Aisiuéaróis, agus buaileadh séala air le fáinne an rí.
13 Cuireadh litreacha le teachtairí go cúigí uile an rí, agus d’ordaigh siad scrios agus ár agus díothú ar na Giúdaigh go léir, idir óg agus aosta, idir mhná agus mhiondaoine, in aon lá amháin, an tríú lá déag den dara mí déag, Adár is é sin, agus a maoin a ghabháil mar chreach.
14 Foilsíodh téacs an doiciméid sin do na ciníocha go léir, le fogairt mar dhlí i ngach cúige, le go mbeidís go léir ullamh don lá úd.
15 D’imigh na teachtairí faoi dheithneas a chomhlíonadh ordú an rí; foilsíodh an forógra ar dtús i ndúnfort Shúsa. Luigh an rí agus Hámán le carbhas agus le hól, ach bhí cathair Shúsa go buartha.