Eistir 4:1-17

4  Nuair a fuair Mordacaí fios na nithe sin, stróic sé a chuid éadaigh, agus chuir sacéadach agus luaithreach air féin. Ansin d’imigh sé amach trí lár na cathrach ag gol go géar in ard a ghutha,  nó go dtáinig sé go geata an rí; níor chead d’aon duine dul geata an rí isteach agus sacéadach air.  A luaithe a foilsíodh forógra an rí in aon chúige, bhí olagón i measc na nGiúdach, agus troscadh, lógóireacht agus caoineadh, agus luigh mórán daoine i sacéadach agus i luaithreach.  Nuair a tháinig a bantracht agus a coillteáin leis an scéala go dtí an bhanríon Eistir, tháinig an-bhuaireamh uirthi; chuir sí éadaí go Mordacaí le cur air in áit an tsacéadaigh, ach dhiúltaigh sé dóibh.  Ansin chuir Eistir fios ar Hatác, coillteán a cheap an rí le freastal uirthi, agus d’ordaigh sí dó dul go Mordacaí agus fios fátha an scéil a fháil uaidh.  Chuaigh Hatác ag triall ar Mhordacaí dá bhrí sin agus fuair sé ar fhaiche na cathrach é os comhair gheata an rí.  D’inis Mordacaí dó gach ar tharla, agus mar a thug Hámán gealltanas suim mhór airgid a íoc le ciste an rí ar son na Giúdaigh a dhíothú.  Thug sé dó mar an gcéanna cóip den fhorógra, a foilsíodh i Súsa ag fógairt a scriosta, lena taispeáint d’Eistir á cur san eolas: agus chuir sé teachtaireacht chuici dul go dtí an rí chun achainí a dhéanamh chuige agus cúis a cine a phlé.  D’fhill Hatác, agus d’inis d’Eistir céard a dúirt Mordacaí. 10  Ansin labhair Eistir le Hatác arís agus thug sí an teachtaireacht seo leanas dó le haghaidh Mhordacaí: 11  “Is eol do sheirbhísigh uile an rí, agus do mhuintir na gcúigí, má théann aon duine, fear nó bean, isteach go dtí an rí ina chúirt inmheánach, gan fios a bheith curtha air, nach bhfuil ann dó ach an t-aon phionós amháin—an bás, mura ndéanann an rí an tslat óir a shíneadh ina threo agus anacal anama a dhéanamh air. Agus níor cuireadh fios orm teacht i láthair an rí le deich lá fichead anois.” 12  Insíodh do Mhordacaí a ndúirt Eistir, 13  agus d’ordaigh Mordacaí an freagra seo a thabhairt ar ais chuici: “Ná bíodh aon phioc dá mhearbhall ort go rachaidh tú slán ach chomh beag le haon Ghiúdach eile cé go bhfuil tú i bpálás an rí. 14  Má fhanann tú i do thost gan focal asat, ar uair seo na faille, gheobhaidh na Giúdaigh saoirse agus fuascailt ó aird éigin eile, agus déanfar tusa agus teaghlach d’athar a scriosadh. Agus cá bhfios nach d’aonghnó, dá leithéid seo d’fhaill, a tháinig tú i gcoróin?” 15  Dúirt Eistir leo ansin an freagra seo a thabhairt chuig Mordacaí: 16  “Imighse anois agus cruinnigh na Giúdaigh go léir atá i Súsa, agus déanaigí troscadh ar mo shon, gan bia ná deoch a chaitheamh de lá ná d’oíche ar feadh trí lá. Agus déanfaidh mise troscadh mar an gcéanna le mo bhantracht, agus rachaidh mé isteach go dtí an rí ansin, bíodh go bhfuil sé in aghaidh an dlí, agus más é an bás atá i ndán dom, bás a gheobhaidh mé.” 17  D’imigh Mordacaí leis ansin agus rinne de réir treoracha uile Eistir.

Fonótaí