Eistir 5:1-14
5 Ar an tríú lá, agus chóirigh í féin in éidí a glóire. Chuir sí doras i ndiaidh dorais di go dtí gur tháinig sí i láthair an rí. Bhí seisean ina shuí ina ríchathaoir. D’ardaigh sé a cheann ach ansin an rí.
2 Agus d’ardaigh sé an tslat órga agus leag ar a muineál í,
3 “Cad tá uait, a Eistir,” arsan rí, “agus cén achainí atá agat [orm]? Fiú más é leath mo ríochta féin é, gheobhaidh tú uaim é.”
4 D’fhreagair Eistir: “Lá de mo shaol an lá seo; más toil leis an rí é, dá bhrí sin, tagadh sé féin agus Hámán go dtí an fhleá a ullmhóidh mé inniu.”
5 Dúirt an rí: “Tugaigí Hámán anseo go tapa le go ndéanfaimis rud ar Eistir.” Tháinig an rí agus Hámán chun na fleá a d’ullmhaigh Eistir.
6 Ag ól an fhíona dóibh, dúirt an rí arís le hEistir: “Inis dom céard atá uait; tabharfaidh mé duit é. Inis dom cén achainí atá agat orm; fiú más é leath mo ríochta é, tabharfar duit é.”
7 “Seo é m’iarratas agus m’achainí,” arsa Eistir,
8 “má tá gean an rí orm, agus más toil leis an rí m’iarratas a dheonú dom, agus géilleadh do m’achainí, tagadh an rí agus Hámán chugam amárach chun na fleá a leagfaidh mé rompu, agus déanfaidh mé rud air amárach.”
9 D’imigh Hámán amach ón rí an lá sin é go subhach somheanmnach. Ach nuair a chonaic sé Mordacaí ag geata an rí, agus gan é ag éirí ná fiú ag corraí ina láthair, tháinig taom feirge air le Mordacaí.
10 Chuir sé smacht air féin ámh; d’fhill abhaile, agus chuir fios ar a chairde agus ar Zeiris, a bhean chéile;
11 chuir Hámán síos dóibh ar a shaibhreas taibhseach agus ar a chlann líonmhar, agus ar gach céim ní ba airde ná a chéile a bhronn an rí air ionas gur thug sé tosaíocht dó ar fhlatha agus ar fheidhmeannaigh eile an rí.
12 “Agus rud eile de,” ar seisean, “níor lig Eistir an bhanríon d’aon fhear eile ach domsa amháin teacht chun na fleá—agus tá cuireadh agam féin agus ag an rí uaithi arís don lá amárach.
13 Ach cad é sin go léir domsa fad a fheicim Mordacaí an Giúdach ina shuí ag geata an rí.”
14 Ansin dúirt a bhean Zeiris agus a chairde go léir leis: “Gléastar croch leathchéad banlámh ar airde, agus iarr ar an rí amárach Mordacaí a chrochadh uirthi. Ansin isteach leat chun na fleá i bhfochair an rí gan mairg ar bith.” Thaitin an chomhairle sin le Hámán, agus chuir sé an chroch á gléasadh.