Eistir 7:1-10

7  Chuaigh an rí agus Hámán isteach chun na fleá le hEistir an bhanríon  agus ar an dara lá dúirt an rí arís le hEistir, agus iad ag ól fíona: “Cén t-iarratas atá agat, a bhanríon Eistir? Gheobhaidh tú é. Cén achainí atá agat? Fiú más é leath mo ríochta féin é, níl agat é ach é a lorg.”  Leis sin d’fhreagair an bhanríon Eistir: “Má tá lé agat liom, a rí, agus más toil le do mhórgacht é, iarraim coimirce m’anama mar iarratas, agus coimirce anama mo mhuintire mar achainí.  Óir daoradh sinn mise agus mo mhuintir chun ár scriosta agus ár marfa agus ár millte. Mura mbeadh i gceist ach sinn a reic inár ndaoir agus inár ndaoirseacha, ní osclóinn mo bhéal ina thaobh; ach mar atá an scéal, tá sé thar chumas an ghéarleantóra an dochar a dhéanfar don rí a leasú.”  Labhair an rí Aisiuéaróis ansin agus d’fhiafraigh sé den bhanríon Eistir: “Cé hé an fear úd a bhfuil de dhánaíocht ann a leithéid a dhéanamh agus cá bhfuil sé?”  D’fhreagair Eistir: “Siúd é an géarleantóir! an namhaid! Hámán na hurchóide!” Tháinig sceimhle agus scéin ar Hámán i láthair an rí agus na banríona.  D’éirigh an rí ón bhfleá agus fraoch feirge air agus amach leis i ngairdín an pháláis; ach d’fhan Hámán ansiúd le hanacal anama a impí ar an mbanríon Eistir, mar ba léir dó go raibh olc beartaithe ag an rí ina aghaidh.  Nuair a d’fhill an rí ar ais ó ghairdín an pháláis go halla na fleá fíona, bhí Hámán caite ar an tolg mar a raibh Eistir. “Cad é seo!” arsan rí. “An bhfuil sé ar tí an bhanríon a éigniú os comhair mo shúl i mo theach féin?” Is ar éigean a bhí na focail as a bhéal nuair a cuireadh púicín an bháis ar Hámán.  Ansin dúirt Harbóna, duine de na coillteáin a bhí i láthair ag freastal ar an rí: “Maith mar a tharla! An chroch leathchead banlámh ar airde a ghléas Hámán do Mhordacaí, an té a thug anam an rí slán lena thuairisc thráthúil tá sí réidh ina theach.” “Croch uirthi sin é,” arsan rí. 10  Chrochadar Hámán dá bhrí sin ar an gcroch a ghléas sé féin do Mhordacaí, agus chuaigh fearg an rí chun suain.

Fonótaí