Eistir 8:1-17

8  An lá ceannann céanna thug an rí Aisiuéaróis teach Hámán, géarleantóir na nGiúdach, don bhanríon Eistir. Agus tháinig Mordacaí i láthair an rí mar chuir Eistir in iúl don rí cén gaol a bhí eatarthu.  An fáinne séala a thug an rí do Hámán, bhain sé de arís é, agus thug é do Mhordacaí, agus chuir Eistir Mordacaí i gceannas ar theach Hámán.  Ansin labhair Eistir arís leis an rí. Chaith sí í féin ag a chosa á impí air go géar goirt deorach an t-olc a bheartaigh Hámán agus a scéim urchóideach in aghaidh na nGiúdach a chur ar ceal.  Shín an rí an tslat ríoga óir chuig Eistir,  agus d’éirigh sí agus sheas os comhair an rí: “Más toil leis an rí é agus má tá lé aige liom, más ceart é m’iarratas dar leis, agus más gean leis mé, deonaíodh sé ordú a chur ar phár ag aisghairm na litreacha a chum Hámán mac Hamadátá, an tAgágach, d’fhonn na Giúdaigh go léir a dhíothú i ngach cúige de chúigí an rí.  Mar conas a d’fhéadfainn a bheith ag faire ar an olc agus ar an urchóid go léir atá i ndán do mo mhuintir? Conas a thiocfadh liom a bheith ag faire ar mo chine á ndíothú?”  Ansin dúirt an rí Aisiuéaróis leis an mbanríon Eistir agus le Mordacaí an Giúdach: “Féach! thug mé teach Hámán d’Eistir, agus crochadh é féin ar an gcroch de bhrí gur bheartaigh sé lámha a leagan ar na Giúdaigh.  Scríobhaigí mar is rogha libh i dtaobh na nGiúdach, in ainm an rí, agus cuirigí séala ar an scríbhinn le fáinne an rí; óir ní féidir ordú scríofa in ainm an rí agus seálaithe le fáinne an rí a chur ar ceal.”  Cuireadh fios ar scríobhaithe an rí ar an toirt—ba é an tríú mí é, mí Síveán, agus an tríú lá fichead den mhí—agus scríobhadh orduithe de réir mar a dheachtaigh Mordacaí, do na Giúdaigh, do na cúigigh, do na gobharnóirí agus do lucht ceannais na gcúigí go léir ón Ind go dtí an Aetóip—céad fiche a seacht gcúige—do gach cúige ina scríbhinn féin, agus do gach cine ina theanga féin, agus do na Giúdaigh ina scríbhinn agus ina dteanga féin. 10  Bhí na horduithe scríofa in ainm an rí Aisiuéaróis agus séalaithe le fáinne an rí, agus seoladh iad le heachlaigh ar muin each ó ghraíonna an rí féin. 11  Cheadaigh an rí do na Giúdaigh de réir na n-orduithe sin, cibé cathair ina raibh cónaí orthu, cruinniú le chéile chun iad féin a chosaint, agus aon fhórsa armtha ó aon chine nó ó aon chúige a dhéanfadh ionsaí orthu a dhíothú agus a scrios agus a mhilleadh, mná agus leanaí agus uile, agus a maoin a chreachadh; 12  bhí feidhm leis na horduithe ón lá céanna ar fud cúigí an rí Aisiuéaróis ar fad an tríú lá déag den dara mí déag, mí Adár is é sin. 13  Bhí cóip den reacht sin le foilsiú mar dhlí i ngach cúige, agus fograíodh é do na ciníocha go léir, i dtreo go mbeadh na Giúdaigh ullamh, an lá a bhí ceaptha, le díoltas a imirt ar a naimhde. 14  Chuir na heachlaigh chun bealaigh ar mhuin each, a bhíodh in úsáid i seirbhís an rí, le teann deabhaidh agus luais ar ordú an rí. Foilsíodh an reacht freisin i ndúnfort Shúsa. 15  Ghabh Mordacaí amach ó láthair an rí agus é feistithe i rífhallaing de ghorm is bán, le coróin mhór óir ar a cheann, agus brat de línéadach mín corcra uime; chuir cathair Shúsa na gártha áthais suas. 16  Bhí na Giúdaigh faoi ghile agus áthas, faoi aiteas agus faoi onóir. 17  I ngach cúige agus i ngach cathair dár shroich ordú agus reacht an rí, bhí áthas agus aoibhneas ar na Giúdaigh agus fleá agus féile acu. Agus rinneadh a lán de na ginte a thimpeallghearradh agus d’iompaíodar ina nGiúdaigh le heagla roimh na Giúdaigh.

Fonótaí