Eoin 19:1-42

19  Ansin ghabh Pioláit Íosa agus sciúrsáil sé é.  Agus rinne na saighdiúirí coróin a fhí de dheilgneach agus í a bhualadh ar a cheann. Ansin ghléas siad faoi bhrat corcra é,  agus ag teacht dóibh ina ghar, deiridís: “Sé do bheatha, a rí na nGiúdach!” agus bhuail siad lena mbosa é.  Chuaigh Pioláit amach arís agus dúirt sé leo: “Féach, táim á thabhairt amach chugaibh, chun go mbeadh a fhios agaibh nach bhfaighim cúis daortha ann.”  Tháinig Íosa amach ansin, an choróin dheilgneach air agus an brat corcra, agus dúirt [Pioláit] leo: “Siúd é an duine!”  Nuair a chonaic uachtaráin na sagart agus a muintir é, scread siad amach: “Céas é! Céas é!” Dúirt Pioláit leo: “Tógaigí sibhse é agus céasaigí é, óir ní fhaighimse cúis daortha ann.”  D’fhreagair na Giúdaigh é: “Tá dlí againne, agus, de réir an dlí sin, tá d’fhiacha air bás a fháil mar go ndearna sé Mac Dé de féin.”  Nuair a chuala Pioláit an chaint sin, ba mhó ná riamh a eagla.  Chuaigh sé isteach sa Phréatóiriam arís agus dúirt le Íosa: “Cad as duit?” Ach níor thug Íosa aon fhreagra air. 10  Dúirt Pioláit leis ansin: “An ea nach labhróidh tú liom? Nach bhfuil a fhios agat go bhfuil ar mo chumas thú a chéasadh agus go bhfuil ar mo chumas thú a scaoileadh saor?” 11  D’fhreagair Íosa: “Ní bheadh cumas ar bith agat orm mura mbeadh é á thabhairt duit ó lastuas. Agus dá bhrí sin, an té a thug ar láimh duit mé, is mó an peaca atá air.” 12  Agus as sin amach bhí Pioláit ag iarraidh é a scaoileadh. Ach chuir na Giúdaigh na gártha suas: “Má scaoileann tú an duine seo saor,” ar siad, “ní cara do Chéasar thú; gach duine a dhéanann rí de féin, ag cur in aghaidh Chéasair a bhíonn.” 13  Nuair a chuala Pioláit na focail sin, sheol sé Íosa amach agus chuaigh féin ina shuí breithimh, san áit ar a dtugtar an Chúirt Phábháilte—Gabata atá san Eabhrais air. 14  Ba é lá an ullmhaithe don Cháisc é, timpeall an séú huair. Dúirt sé leis na Giúdaigh: “Féach, sin é bhur rí!” 15  Ach chuir siad na gártha suas: “Beir uainn é! Beir uainn é! Céas é!” Dúirt Pioláit leo: “An amhlaidh a chéasfaidh mé bhur rí?” D’fhreagair uachtaráin na sagart: “Níl de rí againne ach Céasar.” 16  Ansin thug sé suas dóibh é chun a chéasta. 17  Rug siad Íosa leo. Rinne sé féin an chros a iompar, agus ghabh sé amach go dtí Áit an Chloiginn—a dtugtar Golgota san Eabhrais air. 18  Chéas siad é ansiúd agus beirt eile in éineacht leis, duine ar gach taobh, agus Íosa i lár baill. 19  Scríobh Pioláit fógra le cur ar an gcros, agus ba é an fógra: “Íosa ó Nazarat, rí na nGiúdach.” 20  Léigh mórán de na Giúdaigh an fógra sin, mar ba ghearr ón gcathair an áit inar céasadh Íosa agus bhí an scríbhinn in Eabhrais, i nGréigis agus i Laidin. 21  Dúirt ardsagairt na nGiúdach le Pioláit: “Ná scríobh, ‘rí na nGiúdach,’ ach, ‘dúirt sé seo: Is mé rí na nGiúdach.’” 22  D’fhreagair Pioláit: “An rud atá scríofa agam, tá sé scríofa.” 23  Nuair a bhí na saighdiúirí tar éis Íosa a chéasadh, thóg siad a chuid éadaigh agus rinne siad ceithre sciar díobh—sciar don saighdiúir acu—agus an t-ionar. Ní raibh uaim ar bith san ionar, ach é fite slan ó bharr anuas. 24  Mar sin, dúirt siad le chéile: “Ná stróicimis é, ach é a chur ar chrainn cé aige go mbeidh sé”—chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr a deir: “Roinn siad mo chuid éadaigh eatarthu, agus chuir siad ar chrainn mo chulaith.” Rinne na saighdiúirí an méid sin. 25  Bhí ina seasamh le hais chros Íosa, a mháthair, agus deirfiúr a mháthar, Máire Chlópas, agus Máire Mhaigdiléana. 26  Nuair a chonaic Íosa a mháthair agus an deisceabal a ghráigh sé ina sheasamh lena hais, dúirt sé lena mháthair: “A bhean, sin é do mhac.” 27  Ansin dúirt sé leis an deisceabal: “Sin í do mháthair.” Agus ón uair sin amach ghlac an deisceabal isteach ina bhaile féin í. 28  Tar éis an méid sin, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh gach ní déanta feasta, chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr, dúirt sé: “Tá tart orm.” 29  Bhí soitheach ansiúd lán d’fhínéagar. Thum siad spúinse as an bhfínéagar agus chuir siad ar bharr chraobh iosóipe é, agus chuir siad chun a bhéil é. 30  Tar éis dó an fínéagar a ghlacadh dúirt Íosa. “Tá sé curtha i gcrích.” Chrom sé a cheann agus thug uaidh a spiorad. 31  Ba é lá an ullmhaithe é, agus ionas nach bhfanfadh na coirp ar chros le linn na sabóide—óir ba lá mór sollúnta an tsabóid sin—rinne siad achainí ar Phioláit go ndéanfaí na lorgaí a bhriseadh agus na coirp a chartadh as an tslí. 32  Mar sin tháinig na saighdiúirí agus bhris siad lorgaí an chéad duine agus an duine eile a céasadh mar aon leis. 33  Ar theacht dóibh go dtí Íosa, áfach, ó chonaic siad go raibh sé marbh cheana féin, níor bhris siad a lorgaí, 34  ach rinne duine de na saighdiúirí a chliathán a tholladh le sleá, agus tháinig fuil agus uisce amach as láithreach. 35  Agus an té a chonaic is aige atá fianaise tugtha air, agus is fíor í an fhianaise, agus tá a fhios aigesean gur fíor a ndeir sé, chun go gcreidfeadh sibhse chomh maith. 36  Óir tharla an méid sin chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr: “Aon chnámh ann ní bhrisfear.” 37  Agus tá scrioptúr eile a deir: “Breathnóidh siad ar an té a tholl siad.” 38  Ina dhiaidh sin d’iarr Iósaef ó Airiomatáia cead ar Phioláit—ba dheisceabal d’Íosa é; os íseal, áfach, ar eagla na nGiúdach—corp Íosa a bhreith leis, agus thug Pioláit an cead. 39  Tháinig sé mar sin agus thóg sé an corp. Níocodaemas freisin—é siúd a tháinig san oíche chuige ar dtús—tháinig sé agus meascán miorra agus aló aige, timpeall céad punt meáchain. 40  Thóg siad corp Íosa dá bhrí sin agus rinne siad é a chuachadh i línéadaí maille le spíosraí, de réir nós adhlactha na nGiúdach. 41  San áit inar céasadh Íosa bhí gairdín, agus sa ghairdín sin bhí tuama nua nár cuireadh aon duine ann riamh roimhe. 42  Is ansiúd a chuir siad Íosa, de bhrí gurbh é lá ullmhaithe na nGiúdach é, agus ó bhí an tuama in aice láimhe.

Fonótaí