Galataigh 1:1-24
1 Mise Pól aspal—ach ní ó dhaoine ná trí dhuine ach trí Íosa Críost agus Dia an tAthair, a thóg ó mhairbh é.
2 Táim féin agus a bhfuil i mo theannta de na bráithre ag cur ár mbeannachta chuig eaglaisí na Galaite .
3 Grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost
4 a thug suas é féin in éiric ár bpeacaí chun sinn a fhuascailt ón saol urchóideach seo de réir mar ba thoil le Dia ár nAthair
5 moladh go deo leis. Amen.
6 Is ionadh liom a thapúla atá sibh ag tréigean an té a ghlaoigh oraibh i ngrásta Chríost agus ag iompú ar dhea-scéal eile.
7 Níl aon dea-scéal eile ann ar ndóigh ach go bhfuil daoine áirithe ag cur mearbhaill oraibh agus ag iarraidh dea-scéal Chríost a chur as a riocht.
8 Mar, má dhéanaimidne féin nó aingeal ó neamh dea-scéal a fhógairt daoibh a bheadh bunoscionn leis an dea-scéal atá fógartha againn, go raibh mallacht Dé air.
9 An ní atá ráite againn, deirim anois arís é: duine ar bith a dhéanann dea-scéal a fhógairt daoibh atá bunoscionn leis an dea-scéal atá faighte agaibh, go raibh mallacht Dé anuas air.
10 Cé atáim ag iarraidh a mhealladh chugam anois, daoine nó Dia? An daoine a shásamh is mian liom? Dá mba daoine a bhí mé ag iarraidh a shásamh, ní i mo sclábha ag Críost a bheinn.
11 An dea-scéal atá fógartha agamsa, a bhráithre, geallaimse daoibh nach aon earra daonna atá ann.
12 Ní ó dhuine a fuair mise é ná ó mhúinteoir ar bith, ach trí fhoilsiú ó Íosa Críost.
13 Chuala sibh iomrá, ní foláir, ar mo chuid iompair tráth nuair a lean mé an creideamh Giúdach, mar a rinne mé géarleanúint as cuimse ar eaglais Dé ag iarraidh í a dhíothú,
14 agus mar a sháraigh mé formhór lucht mo linne de mo chine féin i gcleachtadh an Ghiúdachais, de bharr na díograise thar meán a bhí ionam i dtaobh thraidisiúin mo shinsear.
15 Ach nuair ba dheoin leis an té, a dhealaigh amach mé fad a bhí mé fós i mbroinn mo mháthar, agus a ghlaoigh chuige féin mé as ucht a ghrásta—
16 nuair ba dheoin leis siúd a Mhac a fhoilsiú dom chun go gcraobhscaoilfinn a dhea-scéal i measc na ngintlithe, ní dheachaigh mé i gcomhairle le daonnaí ar bith
17 ná ní dheachaigh mé suas go Iarúsailéim ag triall ar na daoine a bhí ina n-aspail romham, ach imeacht liom láithreach chun na hAráibe agus ar ais go Damaisc ina dhiaidh sin.
18 Trí bliana ina dhiaidh sin chuaigh mé suas go Iarúsailéim ag fiosrú Chéafais agus thug mé coicís ina theannta,
19 ach duine ar bith eile de na haspail ní fhaca mé ach amháin Séamas, bráthair an Tiarna.
20 Dearbhaím i bhfianaise Dé nach bhfuil focal bréige ina bhfuil á scríobh agam.
21 Agus is go dúichí na Síre agus na Siléise a chuaigh mé ina dhiaidh sin.
22 Ní raibh aithne súl fós ag eaglais Chríost in Iúdáia orm;
23 ní raibh acu ach scéal scéil “faoin duine úd a bhíodh dár ngéarleanúint tráth agus atá anois ag craobhscaoileadh an chreidimh a bhíodh sé ag iarraidh a scriosadh roimhe seo,”
24 agus thugaidís glóir do Dhia mar gheall orm.