Geineasas 31:1-55
31 Chuala Iacób go raibh clann mhac Lábán á rá: “Thóg Iacób leis a raibh ag ár n-athair; tá an saibhreas seo cnuasta aige ó mhaoin ár n-athar.”
2 Chonaic Iacób nach raibh gnaoi Lábán air faoi mar a bhíodh.
3 Ansin dúirt an Tiarna le Iacób: “Fill ar thír do shinsear agus ar do mhuintir féin agus beidh mise farat.”
4 Chuir Iacób dá bhrí sin fios ar Ráchael agus ar Léá chun na mbánta mar a raibh a thréada
5 agus dúirt sé leo: “Is léir dom nach bhfuil gnaoi bhur n-athar orm feasta faoi mar a bhíodh, ach bhí Dia m’athar faram.
6 Tá a fhios agaibhse go bhfuil seirbhís déanta agam do bhur n-athair le barr mo nirt.
7 Ach rinne bhur n-athair calaois orm agus d’athraigh mo thuarastal deich n-uaire; ach níor lig Dia dó dochar a déanamh dom.
8 Cibé uair a deireadh sé: ‘Bíodh na cinn bhreaca agat mar thuarastal,’ is óga breaca a bheireadh an tréad go léir; agus cibé uair a deireadh sé: ‘Bíodh na cinn bhallacha agat mar thuarastal,’ is óga ballacha a bheireadh an tréad go léir.
9 Ar an gcaoi sin bhain Dia a stoc de bhur n-athair agus thug domsa iad.
10 Tharla i séasúr na cúplála gur ardaigh mé mo shúile i dtaibhreamh a bhí á dhéanamh dom agus go bhfaca mé gur fireannaigh bhreaca, bhallacha agus riabhacha a bhí ag reitheadh na mbaineannach.
11 Ansin dúirt aingeal Dé liom sa taibhreamh: ‘A Iacóib!’ ‘Anseo dom,’ arsa mise.
12 Ansin dúirt sé: ‘Ardaigh do shúile agus féach: na fireannaigh go léir atá ag reitheadh baineannach an tréada, táid ballach, breac, nó riabhach óir chonaic mé a bhfuil á dhéanamh ag Lábán ort.
13 Mise Dia Bhéitéil, mar ar chuir tú ola ar an ngallán agus mar ar thug tú móid dom. Éirigh anois agus fág an tír seo agus fill ar do thír dhúchais.’”
14 Dúirt Ráchael agus Léá ansin: “An bhfuil aon fháltas nó aon oidhreacht fágtha dúinne i dteach ár n-athar?
15 Nach meas coimhthíoch atá aige orainn á rá is gur dhíol sé sinn agus gur chaith sé an mhaoin go léir a fuair sé orainn?
16 An mhaoin go léir a thóg Dia ónár n-athair, is linne í ar ndóigh agus lenár gclann. Déan dá réir sin gach ar ordaigh Dia duit.”
17 D’éirigh Iacób agus chuir sé a chlann agus a mhná ar muin camall
18 agus thiomáin sé a airnéis go léir roimhe amach, an mhaoin go léir agus an airnéis úd leis a ghnóthaigh sé i bPadan Arám, agus thug aghaidh ar thír Chanán agus ar a athair Íosác.
19 Agus Lábán imithe ag bearradh a chuid caorach, ghoid Ráchael íola tí a hathar.
20 Bhuail Iacób bob ar Lábán an tArámach mar nár thug sé aon leid dó go raibh sé ar tí teitheadh.
21 Theith sé lena a raibh aige agus d’imigh leis agus ghabh sé thar an Abhainn ag déanamh ar Shliabh Ghileád.
22 Trí lá ina dhiaidh sin insíodh do Lábán gur theith Iacób.
23 Chuir sé tionól ar a bhráithreacha dá bhrí sin, agus chuaigh sa tóir air ar feadh seacht lá, agus tháinig suas leis ar Shliabh Ghileád.
24 Ach tháinig an Tiarna i dtaibhreamh oíche chun Lábán an tArámach agus dúirt leis: “Ná habair aon ní ar aon chor ar aon chúinse le Iacób.”
25 Nuair a tháinig Lábán suas leis bhí a bhoth curtha suas ag Iacób sna sléibhte; agus chuir Lábán agus a bhráithre a mboth suas i Sliabh Ghileád.
26 “Céard é seo a rinne tú orm,” arsa Lábán le Iacób, “ag déanamh calaoise orm agus ag sciobadh m’iníonacha leat mar chimí claímh?
27 Cén fáth ar theith tú faoi choim agus calaois a dhéanamh orm agus gan é a rá liom i dtreo go seolfainn uaim thú faoi lúcháir agus faoi chantaireacht, le tiompáin agus le cruiteanna.
28 Níor lig tú dom fiú póg a thabhairt do mo mhic agus do m’iníonacha. Ba amaideach an beart uait é.
29 Tá sé ar mo chumas agam dochar a dhéanamh duit ach dúirt Dia d’athar liom aréir: ‘Ná habair aon ní ar aon chúinse le Iacób.’
30 Fág gur imigh tú le barr síreachta i ndiaidh teach d’athar, cén fáth, ámh, ar ghoid tú mo dhéithe?”
31 D’fhreagair Iacób Lábán: “Bhí eagla orm mar gur mheas mé go mbainfeá d’iníonacha díom le láimh láidir.
32 Ach an té a bhfaighfear do dhéithe ina sheilbh, ní mhairfidh sé beo. Iniúch a bhfuil agam i láthair do bhráithre agus tóg aon ní is leat.” Ní raibh a fhios ag Iacób gur ghoid Ráchael iad.
33 Chuaigh Lábán dá bhrí sin isteach i mboth Iacóib agus i mboth Léá agus i mboth an bheirt ionailt, ach ní bhfuair sé iad. Tháinig sé amach as both Léá agus chuaigh sé isteach i mboth Ráchael.
34 Ach bhí na híola tógtha ag Ráchael agus curtha in úim an chamaill agus bhí sí ina suí orthu. D’iniúch Lábán a raibh sa bhoth ach gan aon ní a fháil.
35 Ansin dúirt [Ráchael] lena hathair: “Ná bíodh fearg ar mo thiarna mar nach dtig liom éirí i do láthair, mar táim dála na mban anois agus arís.” Chuardaigh sé dá bhrí sin ach ní bhfuair sé na híola.
36 Tháinig fearg ar Iacób ansin agus thug sé scalladh teanga do Lábán: dúirt Iacób le Lábán: “Cén choir nó cén peaca a rinne mé go bhfuil tú sa tóir orm chomh dian sin?
37 Níor fhág tú aon ní de m’aistrithe gan a chuardach; an bhfuair tú aon ní a bhaineann le do theach féin? Cuir anseo é más ea os comhair mo bhráithrese agus do bhráithrese i dtreo go dtabharfaidís breith eadrainn araon.
38 Tá fiche bliain caite agam farat; níor chaill do chaoirigh a n-uain ná do ghabhair a meannáin i gcaitheamh an ama sin, ná níor ith mé aon cheann de reithí do thréada.
39 Aon chuid de do thréad a ndearna ainmhithe allta ablach díobh, níor thug mé ar ais chugat iad ach a bheith thíos leo mé féin. D’éiligh tú orm iad cibé acu sa lá nó san oíche a rinneadh an slad.
40 Shearg an brothall sa lá mé agus chiap an fuacht san oíche mé, agus d’fhág an codladh slán ag mo shúile.
41 Tá fiche bliain caite agam i do theach: rinne mé seirbhís duit ar feadh ceithre bliana déag ar son do bheirt iníon, agus sé bliana ar son do thréada, agus d’athraigh tú mo thuarastal deich n-uaire.
42 Mura mbeadh Dia m’athar, agus Dia Abrahám, agus Gaol Íosác a bheith ar mo thaobh, bhíos curtha chun siúil beo bocht agat. D’fhéach Dia ar mo thuirse agus ar shaothar mo lámh agus thug sé breith ort aréir.”
43 Ansin d’fhreagair Lábán: “Na hiníonacha seo,” ar sé, le Iacób, “is iníonacha liomsa iad; agus an chlann, is clann liomsa iad; agus na tréada, is tréada liomsa iad; agus gach a bhfeiceann tú, is liomsa iad. Ach cad a d’fhéadfainn a dhéanamh inniu le m’iníonacha nó leis an gclann a d’iompar siad?
44 Téanam anois agus déanaimis conradh, mise agus tusa; agus bíodh sé ina fhinné idir mé agus tú.”
45 Thóg Iacób cloch agus chuir ina seasamh í mar ghallán cuimhneacháin.
46 Dúirt Iacób lena bhráithre: “Cruinnigí clocha,” agus chruinníodar roinnt cloch agus rinneadar carn. D’itheadar béile ansiúd ar an gcarn.
47 Thug Lábán Iagar Sáhadútá (Carn na bhFinnéithe) air ach thug Iacób Galaed (Carn na Fianaise).
48 Dúirt Lábán: “Bíodh an carn seo ina fhinné idir mé agus tú inniu.” Uime sin a thug sé Galaed air,
49 agus [ar an ngallán] Miozpá (Láthair Faire), mar a dúirt sé: “Bíodh an Tiarna ina fhear faire eadrainn nuair a scarfaimid ó radharc a chéile.
50 Má dhéanann tú leatrom ar m’iníonacha nó má ghlacann tú mná eile seachas m’iníonacha, cuimhnigh air, tá Dia ina fhinné eadrainn, fág nach mbeidh aon duine farainn.”
51 Dúirt Lábán le Iacób: “Sin é an carn agus sin é an gallán a chuir mé eadrainn.
52 Is finné é an carn agus is finné é an gallán, nach rachaidh mise thar an gcarn seo i d’aghaidh-sé agus nach rachaidh tusa thar an gcarn seo ná an gallán seo i m’aghaidhse.
53 Go raibh Dia Abrahám agus dia Náchór (dia a n-aithreacha) ina bhreitheamh eadrainn.” Ansin mhionnaigh Iacób dar Ghaol a athar Íosác,
54 agus d’ofráil Iacób íobairt ar an sliabh agus ghlaoigh ar a bhráithre chun an bhéile. D’itheadar an béile agus chaitheadar an oíche go léir ar an sliabh.
55 D’éirigh Lábán go moch ar maidin lá arna mhárach agus thug póg dá gharchlann agus dá iníonacha agus chuir a bheannacht orthu; ansin chuir sé chun bóthair abhaile.