Irimia 1:1-19

1  Briathra Irimia mac Hilciá, de chlann shagartúil i dtír Bhiniáimin.  Tháinig briathar an Tiarna chuige i laethanta Ióisíá mac Amón, rí Iúdá, sa tríú bliain déag dá réim.  Tháinig sé mar an gcéanna i laethanta Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá, go deireadh an aonú bliain déag de Zidicíá mac Ióisíá, rí Iúdá, go breith Iarúsailéim ar shiúl i mbraighdéanas sa chúigiú mí.  Tháinig briathar an Tiarna chugam, á rá:  “Sular chum mé thú sa bhroinn bhí aithne agam ort;sular rugadh thú choisric mé thú;d’ordaigh mé thú i d’fháidh do na ciníocha.”  Ansin dúirt mise: “Ó a Thiarna Dia, féach, ní fhéadaim labhairt, óir is leanbh mé.”  Ach dúirt an Tiarna liom: “Ná habair, ‘Is leanbh mé.’Téigh anois chuig gach duine chuig a gcuirfidh mise thú,agus cibé ní a ordóidh mise duit, déarfaidh tú é.  Ná bíodh faitíos ort rompu,óir tá mise leat agus tusa faoi mo choimirce,is é an Tiarna a labhraíonn.”  Ansin shín an Tiarna a lámh amach agus bhain le mo bhéal agus dúirt liom: “Féach, táim ag cur mo bhriathra i do bhéal.Ceapaim thú inniu os cionn ciníocha agus os cionn ríochtaí, 10  a réabadh aníos agus a leagan síos,a mhilleadh agus a scriosadh,a thógáil agus a phlandú.” 11  Tháinig briathar an Tiarna chugam: “rí Irimia, céard a fheiceann tú?” “Feicim slat almóinne,” arsa mise. 12  Ansin dúirt an Tiarna liom: “Is maith a chonaic tú, óir déanaimse faire ar mo bhriathar go gcomhlíonfar é.” 13  Tháinig briathar an Tiarna chugam an dara huair: “Céard a fheiceann tú?” Arsa mise: “Feicim pota ar fiuchadh agus a aghaidh anall ón Tuaisceart.” 14  Ansin dúirt an Tiarna: “Is é an Tuaisceart an áit a bhfuil an tubaiste ag cur thar maoil le haghaidh an uile dhuine a chónaíonn sa tír seo; 15  óir táim anois ag cur fios ar threibheanna ríochtaí uilean Tuaiscirt—is é an Tiarna a labhraíonn.Tiocfaidh siad, agus suífidh gach aon díobh a ríchathaoiri mbéal geataí Iarúsailéim, in aghaidh a ballaí uile maguaird,agus in aghaidh bailte uile Iúdá. 16  Tabharfaidh mise mo bhreithiúnas ina n-aghaidhi ndíol an uile oilc a rinne siad; mar thréig siad misechun túis a loscadh do dhéithe eileagus oibreacha a lámh féin a adhradh. 17  Tusa, crioslaigh thú féin mar sin chun comhraic.Éirigh agus abair leo gach a n-ordaímse duit.Ná bíodh eagla ort ina bhfianaise,ar fhaitíos go gcuirfinnse eagla ort ina bhfianaise. 18  I dtaca liomsa de, déanfaidh mise díot inniucathair dhaingean, cuaille iarainn, agus balla práisin aghaidh na tíre seo go hiomlán,in aghaidh ríthe Iúdá, in aghaidh a prionsaí,a sagart agus mhuintir na tíre. 19  Troidfidh siad i d’aghaidh, ach ní bhéarfaidh siad bua ort,óir táimse leat agus tusa faoi mo choimirce—is é an Tiarna a labhraíonn.”

Fonótaí