Irimia 11:1-23

11  An briathar a tháinig go Irimia ón Tiarna:  “Labhair le fir Iúdá agus le háitritheoirí Iarúsailéim.  Abair leo: Is mar seo a deir an Tiarna Dia Iosrael: Gura mallaithe an té nach n-éisteann briathra an chonartha seo  a d’ordaigh mé do bhur n-aithreacha nuair a thug mé ón bhfoirnéis iarainn iad, as críoch na hÉigipte. Umhlaígí do mo ghlóir, dúirt mise leo, déanaigí an uile ní a ordóidh mise daoibh, is ansin a bheidh sibhse in bhur bpobal agamsa agus beidh mise i mo Dhia agaibh,  le go gcomhlíonfar an mionn a thug mé do bhur n-aithreacha, fearann a thabhairt dóibh le mil agus le bainne ina slaoda—mar atá sé inniu.” D’freagair mise: “Déanfaidh mé sin, a Thiarna.”  Ansin dúirt an Tiarna liomsa: “Fógair é seo uile i mbailte Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim: Éistigí briathra an chonartha seo agus déanaigí iad.  Mar an lá a thug mé bhur n-aithreacha aníos as críoch na hÉigipte, thug mise rabhadh dóibh go dúthrachtach, agus níor scoir mé den rabhadh go dtí inniu: Umhlaigí dom ghlóir.  Ach níor umhlaigh siad, níor thug dom cluas; shiúil gach aon díobh i gcomhairle a dhrochchroí féin. Ar an ábhar sin chomhlíon mé ina gcoinne briathra uile an chonartha seo a d’ordaigh mé dóibh a dhéanamh, ach nach ndearna siad.”  Dúirt an Tiarna liomsa: “Is follas go bhfuil feall i measc fir Iúdá agus i measc áitritheoirí Iarúsailéim. 10  Tá siad iompaithe ar ais ar chionta a n-aithreacha rompu, a dhiúltaigh mo bhriathra a éisteacht; tá siad seo freisin ag dul i ndiaidh déithe eile agus ag fónamh dóibh. Tá an conradh a rinne mé lena n-aithreacha briste ag teach Iosrael agus ag teach Iúdá. 11  Ar an ábhar sin—is mar seo a deir an Tiarna—tabharfaidh mé olc anois orthu nach mbeidh aon dul as acu; má ghlaonn siad orm ní éistfidh mé leo. 12  Imíodh bailte Iúdá agus áitritheoirí Iarúsailéim agus éimhidís ar na déithe dá loscann siad túis, ach ní cabhair iad siúd in aon chor dóibh in am a n-anó. 13  Óir ní lia bailte agat, a Iúdá, ná déithe,ní lia sráideanna ag Iarúsailéim ná altóirí túis ag Bál. 14  “Agus thusa, ná guighse ar son na ndaoine seo, ná tóg achainí ná urnaí ar a son; mar ní éistfidh mé leat in am a n-anó. 15  Céard tá á dhéanamh ag mo ghrá i mo theachsa?Tá cur i gcéill ar siúl aici!An bhféadann móideanna agusfeoil choisricthe do chiontacht a chur díot?An é go ndéanfaidh mise glan thú dá bharr? 16  Crann ola breá géagach, daingean,a thug an Tiarna d’ainm ort.Faoi ghreadadh gaoithe móirecuireann sé tine lena dhuilliúr;tá a chraobhacha ar lasadh. 17  “Agus d’fhógair Tiarna na Slua, a chuir i dtalamh thusa, olc i d’aghaidh mar gheall ar choir theach Iosrael agus theach Iúdá do mo ghríosú chun feirge, as túis a loscadh do Bhál.” 18  D’fhoilsigh an Tiarna domsa é; cuireadh fainic orm. A Thiarna is í sin an uair ar chuir tú a gcomhcheilg ar mo shúile dom. 19  Ach bhí mise mar a bheadh uan mín ann a sheoltar chun a mharaithe, agus mé ar neamheolas na ceilge a bhí á cumadh acu i m’aghaidh, á rá: “Scriosaimis an crann lena thorthaí, gearraimis amach é as tír na mbeo, ionas nach mbeidh cuimhne ar a ainm go deo.” 20  Ach, a Thiarna na Slua,is tú an breitheamh cóir,is tú a scrúdaíonn na háranna agus an croí;feicimse do dhíoltas orthu,mar is i do lámha a chuir mé mo chúis. 21  Is mar seo a labhair an Tiarna in éadan mhuintir Anatót a iarrann mo bhás agus a bhagair orm: “Ná tairngir in ainm an Tiarna, nó éagfaidh tú faoinár lámha.” 22  “Is mar seo a smachtóidh mise iad,” a deir Tiarna na Slua, “titfidh a n-ógánaigh leis an gclaíomh, éagfaidh a mic agus a n-iníonacha le gorta. 23  Ní fhágfar duine díobh beo nuair a bhéarfaidh mise olc ar mhuintir Anatót i mbliain a gcuarta.”

Fonótaí