Irimia 16:1-21
16 Tháinig briathar an Tiarna chugam:
2 “Ní ghabhfaidh tú bean chugat ná ní bheidh mac ná iníon agat san áit seo.
3 Mar is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh na mac agus na n-iníonacha a bhéarfar san áit seo, i dtaobh na máithreacha a bheireann iad agus i dtaobh na n-aithreacha a ghineann iad sa dúiche seo:
4 Éagfaidh siad de ghalra marfacha, ní chaoinfear iad agus ní adhlacfar iad, beidh siad mar aoileach spréite ar an talamh; marófar iad leis an gclaíomh agus le gorta, agus beidh a gcoirp ina mbia d’éanlaith an aeir agus do bheithígh na talún.
5 Sea, is mar seo a deir an Tiarna: Ná téigh isteach i dtigh an tórraimh le go ndéana tú caoi agus truamhéil leo; mar thóg mise mo shíocháin ón bpobal seo—an Tiarna a labhraíonn—mo shíocháin agus mo thruamhéil.
6 Éagfaidh an mór agus an beag sa tír seo gan adhlacadh ná caoineadh; ní ghearrfaidh daoine iad féin, ní bhearrfaidh siad a gcloigeann ar a son.
7 Ní bhrisfear aon arán don fhear caointe á chomhfhortacht ar son na marbh: ní mó a ofrálfar cupán sóláis dó i mbás athar ná máthar.
8 Agus ná téigh isteach i dteach an fhéasta chun suí leo, chun ithe agus ól.
9 Óir is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Coscfaidh mé anois in bhur radharc, in bhur laethanta féin, guth na súgachta agus na lúcháire, guth an fhir nuaphósta agus na brídeoige.
10 Nuair a inseoidh tú na briathra seo uile don phobal seo agus a déarfaidh siadsan leatsa: ‘Cén fáth ar fhógair an Tiarna an anachain uafásach seo inár n-aghaidhne? Céard é ár n-éigeart? Céard é an peaca atá déanta againn in aghaidh an Tiarna, ár nDia?’
11 Ansin déarfaidh tú leo: ‘Is ar an ábhar gur thréig bhur n-aithreacha mé—an Tiarna a labhraíonn—agus gur shiúil siad i ndiaidh déithe eile, á n-adhradh agus ag fónamh dóibh. Thréig siad mise agus níor choinnigh mo dhlí.
12 Agus rinne sibhse níos measa ná bhur n-aithreacha. Féach, siúlann gach uile dhuine agaibh de réir chomhairlí a chruachroí oilc féin agus ní éisteann liomsa.
13 Mar sin teilgfidh mé as an tír seo sibh go tír nach aithnid daoibh féin ná do bhur n-aithreacha; déanfaidh sibh fónamh ansin do dhéithe eile, de lá agus d’oíche, agus ní thaispeánfaidh mise fabhar daoibh a thuilleadh.’
14 “Féach, mar sin, go bhfuil na laethanta ag teacht—an Tiarna a labhraíonn—nach ndéarfaidh daoine níos mó: ‘Go maire an Tiarna a thug clann Iosrael as críoch na hÉigipte!’
15 ach: ‘Go maire an Tiarna a thug clann Iosrael as an tír thuaidh agus as gach uile thír inar dhíbir sé iad.’ Tabharfaidh mise ar ais iad go dtí an fearann céanna a thug mise dá sinsir.
16 “Seolfaidh mé anois mórán iascairí—an Tiarna a labhraíonn—agus tabharfaidh siad ar barr iad; ansin, seolfaidh mé mórán sealgairí agus déanfaidh siad a bhfiach ó gach uile shliabh, as gach cnoc, amach as poill na gcarraig.
17 Óir tá mo shúile ar a n-imeachtaí uile, níl siad ceilte orm, ní mó tá a gcionta i bhfolach ar mo shúile.
18 Cúiteoidh mé a gciontacht agus a bpeaca faoi dhó, de bhrí gur thruailligh siad mo dhúiche le conablacha a nithe fuafara, is líonadar m’oidhreacht lena ngráiniúlachtaí.”
19 Ó a Thiarna, mo neart, mo dhaingean,mo chúl dídine i lá na hainnise!Tiocfaidh na náisiúin ó theorainn na talúnagus déarfaidh siad:“Níor ghabh ár n-aithreacha d’oidhreacht ach bréaga,díomhaoinis agus nithe gan tairbhe.
20 An bhféadann duine déithe a dhéanamh dó féin?Más ea, ní déithe iad in aon chor!”
21 “Éist anois, tabharfaidh mé orthu admháil,tabharfaidh mé orthu an uair seomo lámh agus mo neart a admháil;agus aithneoidh siad ansin gurb é an Tiarna m’ainm.”