Irimia 19:1-15
19 Ansin dúirt an Tiarna le Irimia: “Imigh agus ceannaigh crúsca cré. Beir leat roinnt de sheanóirí an phobail agus de na sagairt.
2 Imigh amach i dtreo Gleann Bhein Hionnom, go béal Gheata na Sligí Cré. Fógair ansin na briathra a inseoidh mise duit.
3 Abair: ‘Éistigí le briathar an Tiarna, a ríthe Iúdá agus a áitritheoirí Iarúsailéim! Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Táim ag breith a leithéid d’anachain ar an áit seo, agus cibé duine a chluinfidh é, beidh tormán ina chluasa.
4 De bhrí gur thréig siad mise, gur thruailligh an áit seo, gur loisc túis inti do dhéithe eile nárbh aithnid dóibh féin, ná dá n-aithreacha, ná do ríthe Iúdá riamh cheana. Líon siad an áit seo le fuil neamhchiontaigh.
5 Thóg siad áiteanna arda do Bhál san áit do loscadh a gclann mhac, rud nár aithin ná nár achtaigh mise, ná nár tháinig riamh i m’intinn.
6 Mar sin tá na laethanta ag teacht anois—an Tiarna a labhraíonn—nach dtabharfar Toifit, ná Gleann Bhein Hionnom níos mó ar an áit seo, ach Gleann an Áir.
7 Mar gheall ar an áit seo, taoscfaidh mé dea-chomhairle as Iúdá agus Iarúsailéim; tabharfaidh mé orthu titim le claíomh a naimhde, le láimh na droinge a iarrann a mbás; tabharfaidh mé a gcoirp mar bhia d’éanlaith an aeir agus do bheithígh na talún.
8 Déanfaidh mé an chathair seo uaigneach, ina hábhar scige; beidh uafás ar an té a ghabhfaidh thairsti agus ligfidh sé fead iontais as faoina leithéid de thubaiste.
9 Tabharfaidh mé orthu feoil a mac agus a n-iníonacha féin a ithe; íosfaidh siad a chéile i rith an léigir, sa chruóg lena gcúnglóidh a naimhde iad le fonn a maraithe.”
10 Brisfidh tú an crúsca seo i radharc na bhfear atá in éineacht leat,
11 agus déarfaidh tú leo: ‘Is mar seo a deir Tiarna na Slua: Brisfidh mé an pobal seo agus an chathair seo díreach mar a bhriseann duine crúsca an photaire, nach féidir a dhéanamh slán arís.
12 Déanfar áit adhlactha de Thoifit, d’uireasa spáis. Is amhlaidh sin a dhéanfaidh mé leis an áit seo—an Tiarna a labhraíonn. Agus déanfaidh mé an chathair seo mar Thoifit.
13 Saileofar tithe Iarúsailéim agus tithe ríthe Iúdá, mar an áit seo, Toifit; na tithe seo uile ar loisc siad túis ar a ndíonta do shlua neimhe uile, agus ar ar dhoirt siad deochanna do dhéithe eile.’”
14 Ar a theacht ar ais do Irimia as Toifit mar ar chuir an Tiarna é a fháidheoireacht, sheas sé i gcúirt Theampall an Tiarna agus dúirt leis an bpobal uile:
15 “Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: ‘Tabharfaidh mé ar an gcathair seo go cinnte agus ar a bailte uile máguaird an uile thubaiste dar fhógair mé, mar gur éirigh siad chomh ceanndána sin agus nach n-éistfidís le mo bhriathra.’”