Irimia 20:1-18

20  Anois chuala Paischiúr mac Iméar an sagart, a bhí i gceannas na bpóilíní i dTeampall an Tiarna, an tairngreacht seo á déanamh ag Irimia.  D’ordaigh Paischiúr Irimia a bhualadh agus a chur sna ceapa ag Geata Bhiniáimin, geata uachtair Theampall an Tiarna.  An lá dár gcionn d’ordaigh Paischiúr Irimia a thógáil as na ceapa; dúirt Irimia leis: “Ní Paischiúr an t-ainm a thugann an Tiarna ort ach Uafás.  Óir is mar seo a deir an Tiarna: ‘Déanfaidh mé uafás díot, tú féin agus do chairde uile; titfidh siad le claíomh a naimhde; feicfidh do shúile féin é sin. Tabharfaidh mé Iúdá uile freisin i láimh rí na Bablóine; tabharfaidh sé i mbraighdeanas iad chun na Bablóine agus maróidh sé iad leis an gclaíomh.  Tabharfaidh mé fós maoin uile na cathrach seo, a huile shaothar, gach uile ní mórluaigh agus stór uile ríthe Iúdá i láimh a naimhde a chreachfaidh agus a thógfaidh iad agus a bhéarfaidh leo don Bhablóin iad.  Maidir leatsa, a Phaischiúr, rachaidh tusa agus do líon tí uile i mbraighdeanas; gheobhaidh tú bás ansin agus is ann a adhlacfar thú, thú féin agus do chairde uile dár thairngir tú bréaga.’”  Mheall tú mé, a Thiarna, agus cheadaigh mé mo mhealladh;rug tú bua orm; ba thú ba threise.Níl lá nach mbíonn siad ag gáire fúm,is ceap magaidh mé ag gach aon duine.  Níl uair dá labhraim an briathar nach mbíonn orma fhógairt in ard mo chinn: “Éigean agus díobháil!”Tá briathar an Tiarna tar éis éirí ina mhasla domsaagus ina ábhar magaidh ar feadh an lae.  Deirinn: “Ní smaoineoidh mé air,ní labhróidh mise níos mó ina ainm.”Ansin chonacthas dom go raibh tine loiscneach i mo chroí,í dúnta istigh i mo chnámha.Tá mé tuirseach ó bheith ag iarraidh í a chosc.Ní fhéadaim é a fhulaingt. 10  Cluinim mórán do mo tharcaisniú:“Eagla ar gach aon taobh!Sceithigí air! Sceithimis air!”Ag a raibh de chairde agam uairbhí súil in airde le mo threascairt:“Meallfar é b’fhéidir, ansin béarfaimid bua airagus imreoimid díoltas air!” 11  Ach tá an Tiarna liomsa, curadh cumhachtach;ar an ábhar sin tuisleoidh lucht m’ionsaithe;ní chloífidh siad mé;brisfear orthu;beidh siad trína chéile.ní dhéanfar dearmad go brách ar a náire shíoraí. 12  Ach, a Thiarna na Slua, a scrúdaíonn le fírinne,a ransaíonn na háranna agus an croí,feicim do dhíoltas orthumar is duitse a d’fhoilsigh mé mo chúis. 13  Canaigí don Tiarna, molaigí an Tiarna,óir shaor sé anam an bhoicht ó láimh lucht déanta an oilc. 14  Gura mallaithe an lá a rugadh mé,nára beannaithe an lá a rug mo mháthair mé! 15  Gura mallaithe an fear a thug scéala chun m’athar:“Rugadh leanbh mic duit!” á dhéanamh rólúcháireach. 16  Bíodh an fear sin cosúil leis na bailtea scrios an Tiarna gan trócaire;go gcluine sé an scread ar maidin,agus an gháir chatha ar uair an mheán lae, 17  de bhrí nár mharaigh sé mise sa bhroinn,go mbeadh mo mháthair ina huaigh agamfad a bheadh a broinn torrach orm. 18  Cad chuige ar tháinig mé as an mbroinn riamh,a thabhairt aghaidh ar shaothar agus doilíosagus go gcríochnófaí mo laethanta faoi náire?

Fonótaí