Irimia 21:1-14

21  An briathar a tháinig chun Irimia ón Tiarna nuair a chuir an rí Zidicíá chuige Paischiúr mac Mhailcíá in éineacht leis an sagart Zafainiá mac Mhásaeiá, á rá:  “Iarraimid d’achainí ort fiafraí den Tiarna ar ár son ó tharla Nabúcadnazar ag déanamh cogaidh orainn; b’fhéidir go n-oibreodh an Tiarna a mhíorúiltí uile ar ár son agus go dtabharfadh sé ar an namhaid imeacht uainn.”  Dúirt Irimia leo: “Beirigí an freagra seo chuig Zidicíá:  ‘Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: Tógfaidh mé ar ais na hairm chogaidh atá in bhur lámha anois, lena dtroideann sibh in aghaidh rí na Bablóine agus na gCaildéach a shuíonn mórthimpeall oraibh anois taobh amuigh de na ballaí; déanfaidh mé carn díobh i lár na cathrach seo.  Agus troidfidh mé féin in bhur n-aghaidh le láimh sínte amach agus le rí láidir, i bhfearg, i mbuile agus i ndíbheirg mhór.  Buailfidh mé muintir na cathrach seo, idir dhuine agus bheithíoch, le plá scanrúil: gheobhaidh siad bás.  Ina dhiaidh sin—an Tiarna a labhraíonn—tabharfaidh mé Zidicíá, rí Iúdá, lena sheirbhísigh agus an méid de mhuintir na cathrach seo a fágadh ón bplá, ón gclaíomh nó ón ngorta, i láimh a namhad agus i láimh na ndaoine a iarrann a mbás; buailfidh sé iad le faobhar an chlaímh, ní choigleoidh sé iad, ní mó a bheidh trua ná trócaire aige dóibh.’  “Agus déarfaidh tú leis an bpobal seo: ‘Is mar seo a deir an Tiarna: Cuirim romhaibh anois slí na beatha agus slí an bháis.  An té an fhanfaidh sa chathair seo éagfaidh sé leis an gclaíomh, leis an ngorta nó leis an bplá; ach mairfidh an té a rachaidh amach agus a ghéillfidh do na Caildéigh atá anois ag cur léigir ar an gcathair; beidh a bheatha aige sin mar éadáil. 10  Óir tá m’aghaidhse curtha in éadan na cathrach seo chun oilc agus ní chun maitheasa—an Tiarna a labhraíonn. Tabharfar i láimh rí na Bablóine í, agus dófaidh sé go talamh í.’” 11  “Le rítheaghlach Iúdá. Éistigí le briathar an Tiarna. 12  rí theaghlaigh Dháiví! Is mar seo a deir an Tiarna: ‘Gach maidin tabhair breith cheart,tarrthaigh an té a ndearnadh éigeart airas láimh fhear a ansmachta,nó léimfidh m’fhearg amach ar nós tine,loscfaidh sí agus ní bheidh fear a múchta le fáil. 13  Is libhse a dhéanaim achrann,libhse a d’imigh chun cónaithe ag Carraig an Réitigh—an Tiarna a labhraíonn—libhse a deir: Cé bhéarfadh fogha fúinneagus a dhéanfadh a bhealach isteach inár ndaingean? 14  (Smachtóidh mé sibh de réir sochar bhur ngníomhartha—an Tiarna a labhraíonn.)Cuirfidh mé tine lena fhoraois;dófaidh sí an dúiche uile máguaird.’”

Fonótaí