Irimia 23:1-40

23  “Is mairg do na haoirí a ligeann do chaoirigh m’innilte imeacht ar aimhleas agus ar fán—an Tiarna a labhraíonn.  Dá bhrí sin, is é seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael, i dtaobh na n-aoirí a bheathaíonn mo phobal: Lig sibh scaipeadh agus seachrán a theacht ar mo thréad agus níor thug aon aire dóibh. Féach, agróidh mise oraibhse olc bhur ngníomhartha—an Tiarna a labhraíonn.  Ach cruinneoidh mé féin fuílleach mo thréada as gach uile thír inar dhíbir mé iad, agus tabharfaidh mé ar ais iad chun a dtalamh féaraigh: beidh siad síolmhar agus méadófar iad.  Cuirfidh mé aoirí os a gcionn a bheathóidh iad; ní bheidh eagla orthu níos mó, ná uamhan; ní bheidh easnamh ar bith orthu—an Tiarna a labhraíonn.  Feach, tá na laethanta ag teacht—an Tiarna a labhraíonn—agus ardóidh mé do Dháiví beangán fíréanta;rialóidh sé ina rí go críonna,agus déanfaidh sé breithiúnas agus ceart sa talamh.  Ina laethanta siúd sábhálfar Iúdá agus cónóidh Iosrael faoi dhóchas.Is é seo an t-ainm a bhéarfar air: An Tiarna ár bhfíréantacht.  “Mar sin, tá na laethanta ag teacht—an Tiarna a labhraíonn—nach ndéarfaidh daoine níos mó: ‘Go maire an Tiarna a thug clann Iosrael as críoch na hÉigipte!’  ach: ‘Go maire an Tiarna a thug ar ais agus a threoraigh abhaile sliocht theach Iosrael as an tír thuaidh agus as gach uile thír inar dhíbir sé iad, le go ndéanfaidís cónaí ina dtír féin.’”  I dtaobh na bhfáithe:Tá mo chroí istigh ionam briste,creathnaíonn mo chnámha uile;is cosúil le fear meisce mé;is cosúil le fear a chloígh fíon mémar gheall ar an Tiarna agus a bhriathra naofa;tá an tír lán d’adhaltranaigh. 10  (Is mar gheall ar na fir seo tá an tír ag mairgneach agus a triomaíodh féaraigh an fhásaigh.) “Chun olc a dhéanamh tá siad mearagus is é an mícheart a neart. 11  Sea, go fiú na fáithe agus na sagart, tá siad aindiaga;i mo theach féin fuair mé a n-urchóid—an Tiarna a labhraíonn. 12  Ar an ábhar seo is sleamhain an tslíatá ag síneadh rompu;sa dorchacht mar a ndíbreofar iadis ann a thitfidh siad.Óir tabharfaidh mise olc orthui mbliain a bhféachana—an Tiarna a labhraíonn. 13  I bhfáithe na Samáirechonaic mé nithe a chuir samhnas orm:thairngreadar trí Bhálagus chuir siad mo phobal Iosrael ar seachrán. 14  Ach i bhfáithe Iarúsailéimchonaic mé na nithe gránna:adhaltranas, síoréitheach,an oiread sin neartú lucht na míghníomhartha,nach bhfilleann aon duine óna olc;tá siad domsa mar Shodom,a háitritheoirí uile domsa mar Ghomorá. 15  Ar an ábhar sin is mar seo a deir Tiarna na Sluai dtaobh na bhfáithe:Anois beathóidh mé iad le mormónta,agus tabharfaidh mé uisce nimhiúil dóibh le hól,mar is ó fháithe Iarúsailéim amacha leathnaigh aindiagacht ar fud na dúiche. 16  Is mar seo a deir Tiarna na Slua:Ná héistigí le briathra na bhfáithe úd;is do bhur mealladh atá siad,aithriseann siad físeanna a gcroí féin,agus ní as béal an Tiarna; 17  leis an dream a dhiúltaíonn do bhriathar an Tiarna deir siad,‘Gheobhaidh sibh síocháin’,agus leo siúd a shiúlann de réir comhairlía gcruachroí féin:‘Ní thiocfaidh olc ar bith oraibh.’” 18  (Ach cé a bhí i láthair ag comhairle an Tiarna? Cé a chonaic í agus a chuala a bhriathar? Cé a d’éist lena bhriathar le go bhfógróidh sé é?) 19  Anois éiríonn anfa an Tiarna,séideann an stoirm ghaoithe,briseann sí ar cheann na ndrochdhaoine; 20  ní fhillfidh fearg an Tiarna go gcríochnaí,agus go gcomhlíona sé comhairle a chroí.Tuigfidh sibh é sin go soiléir sna laethanta atá ag teacht. 21  “Ní mise a sheol na fáithe seo uaim,ina dhiaidh sin bíonn siad ag rith;ní leo a labhair mé;ina dhiaidh sin bíonn siad ag tairngreacht. 22  An raibh siad i láthair ag mo chomhairle?Má bhí, fógraídís mo bhriathra do mo phobal,agus tabhraidís orthu filleadh óna slí urchóideachagus ó olc a ngníomhartha. 23  An Dia i ngar mise—an Tiarna a labhraíonn–agus nach Dia mé i bhfad uait? 24  An bhféadann aon duine é féin a fholach i gcúinne dorchaagus nach bhfeicfidh mise é?—an Tiarna a labhraíonn.Nach líonann mise neamh agus talamh?—an Tiarna a labhraíonn. 25  “Chuala mé céard a dúirt na fáithe a thairngreann i m’ainmse. ‘Rinneadh brionglóid dom,’ a deir siad, ‘rinneadh brionglóid dom!’ 26  Cá fhad a bheidh seo i gcroíthe na bhfáithe a thairngreann bréaga, fáistine a thabhairt ar chealga a gcroí féin? 27  Síleann siad a thabhairt ar mo phobal m’ainm a dhearmad leis na haislingí a insíonn siad dá chéile, díreach mar a dhearmaid a n-aithreacha m’ainm ar son Bhál. 28  “An fáidh ag a mbíonn aisling, insíodh sé gur leis féin a aisling! Agus an té ag a bhfuil mo bhriatharsa, labhraíodh sé go beacht é! Céard é baint na cátha leis an gcruithneacht?—an Tiarna a labhraíonn. 29  Nach ndónn mo bhriatharsa ar nós tine—an Tiarna a labhraíonn—nach cosúil é le hord a bhriseann an charraig ina smidiríní? 30  “Mar sin, féach, táimse in aghaidh na bhfáithe—an Tiarna a labhraíonn—a ghoideann mo bhriathra óna chéile. 31  Táimse in aghaidh na bhfáithe—an Tiarna a labhraíonn—nach lia corraí teanga astu ná tairngreacht. 32  Táimse in aghaidh na bhfáithe a dhéanann tairngreachtaí as brionglóidí bréagacha—an Tiarna a labhraíonn—a insíonn iad, agus a thugann ar mo phobal seachránú lena mbréaga agus lena gcur i gcéill. Ní mise go cinnte a chuir uaim iad ná a thug aon ordú dóibh, agus ní aon tairbhe don phobal seo iad—an Tiarna a labhraíonn. 33  “Agus nuair a fhiafróidh na daoine seo, fáidh nó sagart, díotsa: ‘Céard é ualach an Tiarna?’ déarfaidh tú leis: ‘Tusa, is tusa ualach an Tiarna; is ea, tusa, agus cuirfidh mé díom thú! an Tiarna a labhraíonn.’ 34  “Agus an fáidh, sagart, nó aon duine eile a déarfaidh: ‘Ualach an Tiarna’, gearrfaidh mise pionós ar an bhfear sin, agus ar a theaghlach freisin. 35  Is mar seo ba cheart daoibh labhairt, gach uile dhuine lena chomharsa agus gach aon lena dheartháir: ‘Céard a d’fhreagair an Tiarna?’ nó ‘Céard a dúirt an Tiarna?’ 36  Ach ná leanaigí oraibh á rá: ‘Ualach an Tiarna’, nó is ualach a bheidh ann cinnte don té a deir é, mar claonann sibh briathra Dé bheo, Tiarna na Slua, ár nDia. 37  Is mar seo a déarfaidh tú leis an bhfáidh: ‘Cén freagra a thug an Tiarna?’ nó: ‘Céard a dúirt an Tiarna?’ 38  Ach má deir tú: ‘Ualach an Tiarna’, is ansin a deir an Tiarna: ‘De bhrí go n-abrann tú na focail seo: Ualach an Tiarna; agus gur chros mise oraibh a rá: Ualach an Tiarna; 39  mar sin tógfaidh mise suas sibh féin, agus an chathair a thug mé daoibh agus do bhur sinsir, agus caithfidh mé as mo radharc sibh. 40  Tabharfaidh mé oraibh scannal síoraí agus náire bhuan dhodhearmadta.’”

Fonótaí