Irimia 37:1-21

37  Rinneadh rí de Zidicíá mac Iahóiácaím i ndiaidh Choiniá mac Ióisíá; rinne Nabúcadnazar rí na Bablóine, rí de i dtír Iúdá.  Ach níor thug sé féin ná a mhuintir, ná pobal na tíre aon aird ar bhriathra an Tiarna a labhair sé tríd an bhfáidh Irimia.  Chuir an rí Zidicíá Iahucal mac Shealaimiá agus an sagart Zafainiá mac Mhásaeiá chun an fáidh Irimia, á rá: “Guigh chun an Tiarna ár nDia ar ár son.”  Anois bhí cead a chos fós ag Irimia i measc an phobail; níor cuireadh fós i bpríosún é.  Idir an dá linn thug slua Fhorainn an bóthar orthu as an Éigipt agus nuair a chuala na Caildéigh a bhí ag cur léigir ar Iarúsailéim an scéala d’imigh siad ón gcathair.  Ansin tháinig briathar an Tiarna chuig Irimia fáidh:  “Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Le rí Iúdá a chuir chugamsa thú le dul i gcomhairle liom, abair é seo: An bhfuil slua Fhorainn ag teacht i gcabhair oraibh? Fillfidh siad dá dtír féin, an Éigipt.  Tiocfaidh na Caildéigh arís, ionsóidh siad an chathair seo; tógfaidh siad í agus dófaidh go talamh í.  Ná meallaigí sibh féin á rá: Tá na Caildéigh ag imeacht uainn faoi dheireadh. Níl siad ag imeacht. 10  Dá mb’ea go leagfadh sibh slua uile na gCaildéach atá ag troid in bhur n-aghaidh anois agus nach mairfeadh díobh ach na fir loite, d’éireoidís arís, gach uile fhear acu ina bhoth, chun an chathair seo a dhó go talamh.’” 11  Tharla, nuair a scoir slua na gCaildéach den léigear ar Iarúsailéim ar eagla shlua Fhorainn, 12  gur thug Irimia aghaidh ó Iarúsailéim le dul go tír Bhiniáimin chun a shealúchas a dhealú ansin i measc a phobail féin. 13  Bhí sé i nGeata Bhiniáimin nuair a thóg fear faire ansin darb ainm Iríá mac Shealaimiá, mac Hanainiá, Irimia fáidh i láimh. “Tá tú ag dul do thaobh na gCaildéach,” ar sé. 14  “Ní fíor sin!” a dúirt Irimia. “Nílimse ag dul do thaobh na gCaildéach.” Ach ní éisteodh Iríá le Irimia agus thóg i láimh é go dtí na feidhmeannaigh. 15  Bhí na feidhmeannaigh ar deargbhuile le Irimia, d’ordaigh siad é a bhualadh agus a chur faoi ghlas i dteach Iónátán rúnaí a ndearnadh príosún de. 16  Is mar sin a d’éirigh do Irimia a bheith i gcillín faoi thalamh. Agus d’fhan sé seal fada ann. 17  Chuir Zidicíá an rí fios air agus rug amach é. Cheistigh sé go rúnda é ina phálás: “An bhfuil focal ar bith ón Tiarna?” d’fhiafraigh sé. “Tá sin,” a dúirt Irimia, “tabharfar thusa i láimh rí na Bablóine,” ar sé. 18  Ansin dúirt Irimia leis an rí Zidicíá: “Céard a rinne mise i d’aghaidhse, nó in aghaidh do sheirbhíseach, nó in aghaidh an phobail seo, as ar chuir tú i bpríosún mé? 19  Cén áit anois a bhfuil do fháithe a thairngir duit á rá: ‘Ní thiocfaidh rí na Bablóine in bhur n-aghaidhse, ná in aghaidh na tíre seo?’ 20  Éist anois liom, iarraim d’achainí ort, mo thiarna an rí; go nglactar go fabhrach leis an impí a dhéanaim i do láthair. Ná hordaigh mé a bhreith ar ais go teach Iónátán rúnaí, ar fhaitíos go bhfaghainn bás ansin.” 21  Ansin d’ordaigh Zidicíá an rí go gcuirfí Irimia i láimh i gCúirt an Gharda agus go dtabharfaidís dó gach lá bollóg aráin as Sráid na bhFuinteoirí chomh fada agus a bheadh arán fágtha sa chathair. Mar sin d’fhan Irimia i gCúirt an Gharda.

Fonótaí