Irimia 39:1-18
39 Sa naoú bliain de réimeas Zidicíá rí Iúdá, sa deichiú mí tháinig Nabúcadnazar rí na Bablóine agus a shlua uile in aghaidh Iarúsailéim agus chuir í faoi léigear.
2 San aonú bliain déag de réimeas Zidicíá, sa cheathrú mí, rinneadh bearna i múr na cathrach.
3 [Nuair a gabhadh Iarúsailéim] mháirseáil oifigigh uile rí na Bablóine isteach agus shuigh siad sa Gheata Meánach: Naergal Searaizir, [prionsa Shin Maigir, an ceann feadhna, Nabúiseazbán an t-ardoifigeach], agus oifigigh uile rí na Bablóine.
4 Nuair a chonaic Zidicíá rí Iúdá é sin theith sé féin agus na fir chogaidh uile as an gcathair de shiúl oíche, ag gabháil bealach ghairdín an rí tríd an ngeata idir an dá bhalla, agus [ag tabhairt aghaidh] ar an Arabá.
5 Lean saighdiúirí na gCaildéach iad agus rug siad ar Zidicíá ar mhachairí Ireachó. Nuair a ghabh siad é thug siad suas go Nabúcadnazar rí na Bablóine é i Ribleá i dtír Hamát, áit ar thug sé breithiúnas air.
6 Mharaigh rí na Bablóine clann mhac Zidicíá i Ribleá os comhair a shúl; chuir rí na Bablóine maithe uile Iúdá freisin chun báis.
7 Ansin bhain sé na súile as Zidicíá, cheangail le slabhra é á bhreith don Bhablóin.
8 Dhóigh na Caildéigh pálás an rí go talamh, agus tithe an phobail, agus leag siad múrtha Iarúsailéim.
9 Rug Nabúzaradán, ceann an gharda, leis i mbraighdeanas don Bhablóin fuíoll na ndaoine a fágadh sa chathair, agus an dream a theith chuige, mar aon leis an gcuid eile de cheardaithe na cathrach.
10 D’fhág Nabúzaradán, ceann an gharda, roinnt de bhochta an phobail, nach raibh aon ní acu, i dtír Iúdá agus thug fíniúna agus garraithe dóibh.
11 Bhí an t-ordú seo tugtha ag Nabúcadnazar rí na Bablóine do Nabúzaradán, ceann an gharda, i dtaobh Irimia:
12 “Tóg é, caith leis go maith; ná déan dochar ar bith dó, ach déan dó mar is áil leis féin.”
13 Mar sin chuir (Nabúzaradán, ceann an gharda) Nabúiseazbán, an t-ardfheidmheannach, Naergal Searaizir, an príomhoifigeach agus oifigigh uile rí na Bablóine díorma uathu,
14 agus chuir siad fir chun Irimia a thabhairt as Cúirt an Gharda agus [thug cead a chos dó]. Mar sin chónaigh sé i measc an phobail.
15 Nuair a bhí sé i gCúirt an Gharda tháinig briathar an Tiarna go Irimia:
16 “Éirigh agus abair le hEibid Meilic an tAetóipeach: ‘Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: Féach, tugaim donas agus ní sonas ar an gcathair seo faoi mar a dúirt mé. An lá sin a thiocfaidh sé i gcríoch i d’fhianaise,
17 saorfaidh mé thusa an lá sin—is é an Tiarna a labhraíonn—agus ní thabharfar thú i láimh na bhfear a bhfuil eagla ort rompu.
18 Déanfaidh mé thú a fhuascailt go cinnte; ní thitfidh tú leis an gclaíomh; beidh d’anam mar éadáil agat, de bhrí gur chuir tú do dhóchas ionamsa—an Tiarna a labhraíonn.’”