Irimia 4:1-31
4 “Más mian leat filleadh, a Iosrael,—is é an Tiarna a labhraíonn—Is ormsa nár mhór duit filleadh.Cuir deireadh le do ghráiniúlachtagus ní bheidh aon chall agat mé a sheachaint.
2 Má mhionnaíonn tú: ‘Go maire an Tiarna’go fírinneach, go fíréanta agus go macánta,beannóidh na ciníocha iad féin ionat,agus is ionat a bheidh a nglóir.”
3 Óir is mar seo a deir an Tiarnale fir Iúdá agus le háitritheoirí Iarúsailéim:“Glanaigí go maith bhur bhfearann branair,ná síolchuirigí i measc spíonta.
4 Timpeallghearraigí sibh féin don Tiarna,bainigí díbh forchraiceann bhur gcroí,(a fheara Iúdá, agus a áitritheoirí Iarúsailéim),ar fhaitíos go léimfeadh m’fhearg amach ar nós tine,agus go loscfadh agus nach bhféadfadh aon duine í a mhúchadh,mar gheall ar olc bhur ngníomhartha.
5 Foilsígí é in Iúdá, fógraígí é in Iarúsailéim!Séidigí an stoc faoin tuaith,fógraígí os ard agus abraigí:‘Cruinnígí! teannaigí leis na bailte daingne!’
6 Déanaigí eolas an bhealaigh go Síón;teithigí, ná déanaigí moill!Tugaimse olc oraibh ón Tuaisceart,milleadh mór.
7 Tá an leon aníos óna dhoire,tá scriosadóir na gciníocha ar a shlí,tá sé tagtha óna bhailechun do fhearann a bhánú.Déanfar conamar de do bhailtegan duine ná deoraí iontu.
8 Crioslaígí sibh féin mar sin le sacéadach,caoinigí agus uailligí,mar níor iompaíodh fearg bhorb an Tiarna ar ais uainn.
9 An lá sin—is é an Tiarna a labhraíonn—clisfidh croí an ríagus croí na bprionsaí mar an gcéanna;beidh uafás ar na sagairt,beidh mearbhall ar na fáithe.”
10 [Déarfaidh daoine] ansin, “Ó, a Thiarna Dia,nach mór a mheall tú sinn á rá:‘Beidh síocháin agaibh’,ar an uair féin atá an claíomh ag ár scornach!”
11 San am sin déarfarleis an bpobal seo agus le Iarúsailéim:“Séideann gaoth dhóiteach as na harda loma san fhásachar iníon mo phobail,agus ní do cháitheadh ná do ghlanadh í.
12 Tá gaoth [bhagartha] ag teacht ar m’ordú.Anois is mé féin atá ar tíbreithiúnas a thabhairt orthu!”
13 Féach, tá sé ag teannadh chun tosaigh ar nós na néalta,is cosúil le camghaoth a charbaid,is mire a eachra ná iolair,is mairg dúinn, táimid caillte!
14 Nigh do chroí ó urchóidionas go sábháilfear thú, a Iarúsailéim.Cá fhad a lonnfaidh i do chroí do smaointe mailíseacha?
15 Óir foilsíonn guth as Dán,ag faisnéis ainnise ó shléibhte Eafráim.
16 Fógair a theacht le Iúdá, abair é in Iarúsailéim:‘Tá [naimhde] ag teacht as an imigéin;ardaíonn siad a ngáir chatha in aghaidh bailte Iúdá.
17 Tá siad timpeall Iarúsailéim agus máguairdfearacht lucht coimhéadta goirt,de bhrí go raibh sí easumhal domsa—an Tiarna a labhraíonn.
18 Thug d’iompar féin agus do ghníomhartha na nithe seo ort.Is í seo do chinniúint, agus is searbh í.Cé mar a shroicheann sé do chroí istigh!”
19 Tá mé faoi chrá. Tá mé ag lúbarnaíl le pian.Á, ballaí mo chroí!—Tá mo chroí á shníomh.Ní fhéadaim gan labhairt, óir chuala méfuaim an stoic agus dreasú an chatha.
20 Níl de scéala ach anachain ar muin anachaine;déantar fásach den dúiche ar fad;scriostar mo bhothanna go tobann,mo dhídean, in imeacht nóiméid.
21 Cá fhad a chaithfidh mé an meirge a fheiceáil,agus guth an stoic a cloisteáil?
22 “Is mar seo atá sé óir tá mo phobal dallaigeanta;níl aithne acu orm.Is clann dúr iad, gan aon cheann orthu.Tá siad glic go leor chun olc a dhéanamh,ach do dhéanamh maitheasa níl tuiscint acu.”
23 D’fhéach mé ar an talamh, agus ní raibh ann ach folús;ar na spéartha, agus ní raibh solas iontu.
24 Dhearc mé ar na sléibhte, agus bhíodar ar crith;bhí na harda trí chéile ar bogadh.
25 D’amharc mé, agus, féach, ní raibh duine ann,agus theith éanlaith uile an aeir.
26 D’amharc mé, agus, féach, bhí an dúiche choillteach ina fásach,bhí a bailte uile scriosta,i bhfianaise an Tiarna, i bhfianaise a fheirge fíochmhaire.
27 Óir is mar seo a deir an Tiarna:“Scriosfar an tír ar fad,cuirfidh mise críoch leis den turas deireanach;
28 Is uime seo a chaoinfidh an talamhagus éireoidh na spéartha thuas dubh.Óir tá sé raite agam, is é atá curtha romham,ní thiocfaidh malairt intinne dom, ní rachaidh mé ar gcúl.”
29 Leis an scairt: “Marcshlua agus boghdóirí”teitheann an tír ar fad;tugann dream amháin na doirí orthu,dreapann dream eile suas ar na creaga;tréigtear [an tír uile],ní fhágtar duine ann.
30 Agus tusa, céard tá ar intinn agat a dhéanamh?Bíodh go gcóiríonn tú thú féin faoi scarlóid,go maisíonn thú féin le hornáidí órga,go léiríonn do shúile le dathú,is go díomhaoin a dhéanann tú thú féin sciamhach.Tarcaisníonn d’aos grá thú,is é do bhás a shantaíonn siad.
31 Cluinimse an screadaíl a dhéanfadh bean ag druidim le clann,íona na mná a bheireann a céad leanbh;is é screadaíl iníon Shíón é,a croí ina béal aici, a lámha uaithi amach:“Uch, a thrua mise! i gceartlár lucht marfa.”