Irimia 45:1-5
45 An focal a labhair Irimia fáidh le Barúch mac Néiria nuair a scríobh seisean na briathra seo i leabhar ó bhéal Irimia sa cheathrú bliain de réimeas Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá.
2 “Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael fútsa a Bharúch:
3 Ó dúirt tú: ‘Is mairg domsa, óir chuir an Tiarna doilíos i gceann mo dhobróin! táim spíonta ó m’osnaíl, agus ní fhaighim faoiseamh ar bith!’
4 Deir an Tiarna é seo: ‘Anois, brisim síos an rud a thóg mé; an rud a phlandaigh mé, tá mé á tharraingt aníos; [buailfidh mé an domhan] go hiomlán.
5 Agus an n-iarrann tusa nithe móra duit féin? Ná hiarr, óir tabharfaidh mé anró anois ar an uile fheoil—is é an Tiarna a labhraíonn. Ach tabharfaidh mé d’anam duitse, cibé áit a rachaidh tú.’”