Irimia 47:1-7
47 Briathar an Tiarna a tháinig go Irimia fáidh in aghaidh na bhFilistíneach sular thóg Forann Gazá de ruathar.
2 Is mar seo a deir an Tiarna:
“Féach, cé mar éiríonn na huiscí ón tuaisceart;briseann siad ina dtuile thar bruach;báitear an tír agus gach a bhfuil ann,na bailte agus lucht a gcónaithe!Scairteann na fir in ard a gcinn, tá éamh le closó áitritheoirí uile na tíre,
3 le tormán cruite a chuid staileanna,le toithréim a charbad, le díoscán a roilleán.Dearmadann aithreacha a gclanna;éiríonn a lámha lag.
4 Óir tá an lá tagtha ina scriosfar na Filistínigh uile,ina scoirfear ó Thuíre agus ó Shíodóna lucht taca ar fad.Sea, tá an Tiarna ag creachadh na bhFilistíneach,an fuíoll as Inis Chaftór.
5 Ceann bearrtha ar Ghaza!Sost ar fud Aiscileon!Aisdeod, a bhfuil fágtha de Anácaím,cá fhad a ghearrfaidh tú thú féin?
6 Ó, a chlaíomh an Tiarna,Cá fhad go mbeidh tú suaimhneach?Isteach leat i do thruaill,éirigh as, bí socair!
7 Conas is féidir dó a bheith suaimhneachó thug an Tiarna ordú dó?In éadan Aiscileon agus bord na farraige,is chucusan a d’ordaigh sé é.”