Irimia 8:1-22
8 “Nuair a thiocfaidh an t-am sin—an Tiarna a labhraíonn—tabharfar amach as a n-uaigheanna cnámha ríthe Iúdá, cnámha na bprionsaí, na sagart, na bhfáithe agus áitritheoirí Iarúsailéim.
2 Déanfar iad a spré i bhfianaise na gréine, na gealaí, agus slua neimhe uile, a b’ionúin leo agus dá ndearna siad fónamh, a lean siad, a n-iarr siad comhairle orthu, agus a d’adhar siad. Ní chruinneofar ná ní adhlacfar arís iad ach beidh siad chun aoiligh ar chraiceann na talún.
3 Agus béarfar bás de rogha ar bheatha leis an méid a bheidh fágtha den droch-mhuintir seo uile, cibé áit a ndíbreoidh mise iad, a deir Tiarna na Slua.
4 “Déarfaidh tú leo: Is mar seo a deir an Tiarna:
Má thiteann tú, nach féidir leat éirí arís?má théann tú amú, nach bhféadann tú fílleadh athuair?
5 Cad chuige go leanann an pobal seo de bheith ag séanadh,i gcónaí ag séanadh?Leanann siad den seachrán agus diúltaíonn siad filleadh.
6 D’éist mise go haireach,níl an chaint cheart acu;ní dhearna aon duine aithrí ina olcá rá: ‘Céard tá déanta agam?’Mar a réabann an t-each chun cathais mar sin a théann gach aon duine amú ag leanacht a chúrsa féin.
7 Fiú amháin an chorr bhán sa spéirbíonn fios a haimsire aici;comhairíonn an turtúr, an fháinleog, an chorr ghlas,am a dteachta.Ach ní fheadar mo dhaoine rialú an Tiarna.
8 Nach dána an mhaise daoibh a rá: ‘Táimid críonna,agus is againn atá dlí an Tiarna’?Féach, cé mar a falsaíodh éle peann bréagach na scríobhaithe.
9 Beidh náire ar na daoine críonna,beidh mearbhail orthu agus díomá.Féach, cé mar a dhiúltaigh siad do bhriathar an Tiarna!Cén tairbhe dóibh mar sin a gcríonnacht?
10 Tabharfaidh mé mar sin a mná céile do fhir eile,a bhfearainn do shealbhóirí nua,óir gach aon díobh ón té is lú go dtí an té is mó,santaíonn sé an brabach mí-ionraic;an sagart agus an fáidh araon,cleachtaíonn siad caimiléireacht.
11 Is gan mhairg a chóiríonn siad créacht mo phobailá rá: ‘Síocháin! Siocháin!’agus níl aon síocháin ann.
12 Náire ba chóir a bheith orthumar gheall ar a n-imeachtaí gránna.Beag an baol! Níl ciall do náire acu,ní mó is féidir leo lasadh.Ar an ábhar sin, mar a thiteann daoine eile,titfidh siadsan freisin;teilgfear anuas iad nuair a thiocfaidh mise ar cuairt acu,a deir an Tiarna.
13 Ba mhaith liom dul a bhaint fómhair ann, a deir an Tiarna.Ach níl fíonchaora ar an bhfíniúin,ná figí ar an gcrann figíagus na duilleoga féin, tá siad feoite.Mar sin é óir thug mise sladairí orthule slad a dhéanamh orthu.”
14 Cruinnígí! Déanaimis isteach sna bailte daingneagus faighimis bás iontu,mar cinntíonn an Tiarna ár nDia an bás dúinn;tugann sé uisce nimhe dúinn le hól,óir pheacaíomar ina aghaidh.
15 Bhí súil againn le síocháin—ach níor tháinig maith ar bith,le haimsir shlánaithe, ach féach an scéin!
16 “Tá cuachaíl a n-eachra le clos ó Dhán;creathnaíonn an tuath uilele fuaim sheitreach a staileanna.Tagann siad a mhilleadh na tíre agus a bhfuil inti,na mbailte agus gach a gconaíonn iontu.
17 Is ea, cuirim chugaibh anoispéisteanna agus nathracha nimhenach ngéilleann d’orthaí;bainfidh siad greim asaibh—an Tiarna a labhraíonn—[a bheidh gan leigheas].”
18 Tá dólás orm, titeann mo chroí ionam.
19 Éist! Tá guth iníon mo dhaoine ag éamhó cheann ceann na tíre,“Nach bhfuil an Tiarna a thuilleadh i Síón?Nach bhfuil a Rí inti níos mó?”(Cad chuige ar bhrostaigh siad mise chun feirgelena n-íola greanta,leis na náideanna iasachta seo?)
20 Chuaigh an fómhar tharainn,tá deireadh leis an samhradh,agus níor tugadh tarrtháil orainn!
21 Mar gheall ar ghortú iníon mo dhaoinetá mise gortaithe freisin,is dubhach liom mo shaol, beireann eagla greim orm.
22 Nach bhfuil íocshláinte feasta i nGileád?Nach bhfuil aon lia ann?Cad chuige mar sin nach ndéanann sé aon dul ar aghaidh,an leigheas seo iníon mo dhaoine?