Laoi na Laoithe 1:1-17

1  Laoi na laoithe do Sholamh.  Pógadh sé mé de phóga a bhéilóir is fearr do ghrá ná fíon.  Is maith é cumhracht d’ola,ola dhoirte d’ainma d’fhág na cailíní i ngean leat.  Tarraing i do dhiaidh mé, rithimis.Tabhair isteach mé a rí, i do theach féin.Tú ár n-áthas, tú ár n-aoibhneas.Mórfaimid do ghrá thar fhíon.Is ciallmhar iad an mhuintir a thug grá duit.  Más dubh mé, is sciamhach,a mhná Iarúsaileim;mar bhotha céadair,mar bhéalscátha Sholaimh.  Ná féachaigí ar dhath mo chraicinn,is amhlaidh a dhóigh an ghrian mé.Mo dheartháireacha, a bhí anuas orm,d’fhág i bhfeighil na bhfíonghort mé,faoi deara faillí m’fhíonghoirt féin.  Inis dom, a ghrá mo chroí,Cá gcuireann tú do thréad ar féarach,Cá gcuireann chun luí ó bhrothall an lae iad;i dtreo nach gcaithfinn gabháil ag cuardachtrí thréada do chomharsana?  Murab eol duit, a bhean thar mhná,lean lorg na gcaorach;cuir do mheannáin ar féarachin aice bhoth na dtréadaithe.  Mo chapaill faoi charbad Fhorainn,is mar sin liom tú, a chara. 10  Is breá do ghruanna d’ainneoin fáinní cluas,agus do mhuineál d’ainneoin muincí. 11  Déanfaimid muince óir duitagus cnaipí airgid inti. 12  Nuair atá an rí [ag a bhord],tá mo nard ag tabhairt a chumhrachta. 13  Miorr cumhra liom mo ghrái sparán ar mo bhrollach. 14  Gas coifir liom mo ghráas fíonghort Thobar Gheidí. 15  Nach álainn tú, a rún,nach álainn!do shúile is coilm iad. 16  Nach álainn tú, a ghrá;is aoibhinn go deimhin.I lár dhuilliúr ár leapa. 17  Crann céadrais díon ár dtí,adhmad píne ár dtroscán.

Fonótaí