Laoi na Laoithe 3:1-11

3  Ar mo leaba dom i gcoim oíchea loirg mé grá m’anma,a loirg mé agus ní bhfuair.  Éireoidh mé, cuardóidh mé,tríd an mbaile, trí na sráideanna,lorgfaidh mé grá mo chroí.—Má loirg, ní bhfuair.  Theagmhaigh liom na gardaíar a gcuairteanna tríd an mbaile:“An bhfaca sibh grá mo chroí?”  Ní fada a ghabh mé tharstugur theagmhaigh grá mo chroí liom.Rugas greim air nach scaoilfidh mégo dtabharfaidh mé isteach éi dteach mo mháthari seomra mo bhuime.  Agraím oraibh,a iníona Iarúsailéim,dar fia agus eilití na má,ná corraigí, ná músclaígí mo rún,go dtograí sí féin.  Cad é seo aníos ón bhfásach,mar a bheadh crann deataighas miorr agus túisagus uilechumhracht na siopaí?  Sin é coiste Sholaimh,trí fichid laoch thart air,ó shárlaochra Iosrael;  fear claímh gach laoch díobhó thaithí an chogaidh;a chlaíomh ar a shliasaidi gcoinne bhaol na hoíche.  Do rinne Solamh rísuí breithimh dó féind’adhmad na Liobáine. 10  Cosa airgid faoi,scáth óir os a chionn,adhairt chorcra ann,éabann dá fholach. 11  Tagaigí go bhfeice sibh,a iníona Iarúsailéim,Solamh rí gona mhionn ría chuir a mháthair airlá a phósta,lá áthais a chroí.

Fonótaí