Laoi na Laoithe 5:1-16
5 Seo isteach i mo ghort mé,a shiúr liom, a bhrídeach,ag bailiú mo mhirr agus mo bhalsaim,ag ithe mo mheala agus mo chriathair,ag ól m’fhíona agus mo bhainne;ithigí, a chairde, ólaigí,déanaigí meidhir, a chairde cumainn.
2 I mo chodladh dom, tá mo chroí ina dhuiseacht;cluinim mo ghrá ag an doras:“Oscail dom, a shiúr, a rún,mo cholúr gan éalang,óir is báite mo cheann i ndrúcht,is fliuch m’fholt ón oíche.”
3 Ach, táim tar éis baint díom;an gá dom cur orm arís?Tá mo chosa nite agam;an gcaithim a sailiú arís?”
4 Shín mo ghrá a lámh isteachi bpoll na heochrach;chorraigh mo chroí i mo chléibh.
5 D’éiríos féingo n-osclóinn do mo ghrá.Bhain miorr fliuch le mo láimh,fíormhiorr le mo mhéar,ó bhacán an ghlais.
6 D’osclaíos do mo ghrá—bhí mo ghrá imithe;bhain sin an t-anam asam.Loirg mé é agus ní bhfuair,ghlaoigh—níor fhreagair sé.
7 Theagmhaigh liom na gardaíar a gcuairteanna tríd an mbaile.Bhuail siad mé, agus ghoin,srac siad díom mo bhrat,lucht faire an bhaile.
8 Achainím oraibh,a iníona Iarúsailéim,má fhaigheann sibh mo ghrá—cad a inseoidh sibh dó uaimse?Go bhfuil galar an ghrá orm.
9 Cad iad buanna do ghrá-sa,a phlúr na mban.Cad iad buanna do ghrá-sago n-iarrann tú an achainí sin orainn?
10 Dearg agus bán do mo ghrá;d’aithneófá i measc mílte é.
11 A cheann mar ór leáite,a dhlaoithe mar an phailm,chomh dubh leis an bhfiach.
12 A shúile mar an colmar bhéal coire uisceá ní féin as bainnei [gCoire na Mara].
13 A ghiall mar spíosraí,ceapach luibheanna cumhra.A bheola mar bhláthanna,ag sileadh mirr chumhra.
14 Buinní óir ar a lámhago n-iliomad flannchloch.A chabhail mar an t-éabann bán,agus í breac le saifírí.
15 Galláin mharmair a chosaar fhothaí óir ag seasamh.Cosúil é leis an Liobáin,togha na gcrann céadrais.
16 Is é an binneas a fhriotal,is mealltacht é uile.Sin é mo ghrá, sin é mo shearc,a iníona Iarúsailéim.