Salm 1:1-6

1  Is aoibhinn don fhear nach leanannde chomhairle lucht na héagráifeachta;nach seasann i slí na bpeacach,agus nach suíonn i gcuideachta na sotalach;  ach a bhfuil a dhúil i ndlí an Tiarna,agus a dhéanann machnamh air de lá agus d’oíche.  Is cosúil an duine sin le cranna plandaíodh ar bhruach na habhann,a thugann a thoradh go tráthúilagus nach bhfeonn a dhuilleoga choíche.Bíonn an rath ar gach aon ní dá ndéanann sé.  Ní amhlaidh do na héagráifigh, ní amhlaidh!ach mar cháith a scaiptear le gaoth.  Ionas nach seasfaidh na héagráifigh sa bhreithiúnasná na peacaigh i gcomhthionól na bhfíréan.  Óir is cúram don Tiarna slí na bhfíréan,ach rachaidh slí na n-éagráifeach ar ceal.

Fonótaí