Salm 101:1-8
Salm [le] Dáiví.
101 Canfaidh mé faoi dhílse agus fíréantachtduitse, a Thiarna.
2 Gabhfaidh mé sa tslí gan mháchail;cathain a thiocfaidh tú?Siúlfaidh mé le croí gan cháimi lár mo thí.
3 Ní chuirfidh mé os comhair mo shúlaon ní suarach.Is gráin liom slí na n-urchóideach;ní bheidh páirt agam leo.
4 Beidh an croí calaoiseach i bhfad uaim;ní aithneoidh mé an t-olc.
5 Fear clúmhillte a chomharsan os íseal,millfidh mé an té sin.Fear na mórchúise agus na mórála,ní fhéadaim cur suas leis.
6 Beidh súil agam le fíréin na tírea bheith in aontíos liom.An té a shiúlann sa tslí gan máchail,is é a dhéanfaidh fónamh dom.
7 Ní dhéanfaidh fear na ceilge choíchecónaí i mo theachsa.Ní mó ná sin a ligfidh mé don bhréagairefanacht in éineacht liom.
8 Scriosfaidh mé maidin ar mhaidinpeacaigh na tíre;agus dítheoidh mé as cathair an Tiarnalucht déanta an oilc.