Salm 106:1-48
106 Alleluia.
Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é;toisc go maireann a bhuanghrá go brách.
2 Cé ar féidir leis éachtaí an Tiarna a fhógairt?cé a chraolfaidh a mholtaí go léir?
3 Is méanar don dream a choinníonn an ceart,agus a chloíonn leis an bhfíréantacht de shíor.
4 Bí ag cuimhneamh orm, a Thiarna, bí go maith dom,as ucht do ghrá do do phobal.Tar chugam, a Thiarna, le do chúnamh;
5 go bhfeice mé séan na ndaoine atá tofa agat,go ndéana mé gairdeas faoi áthas do phobail;is go ndéana mé mórtas mar aon le d’oidhreacht.
6 Pheacaíomar ar nós ar sinsir;rinneamar an t-olc agus an t-éigeart.
7 Níor thug ár n-aithreacha san Éigiptaon aird ar bith ar d’éachtaí.Rinne siad dearmad ar lánmhaire do bhuanghrá;thugadar a slán faoin Neach is Airde ag an Muir Rua.
8 Ach tharrthaigh sé iad as ucht a ainm,d’fhonn is go ndéanfadh sé a chumhacht a nochtadh.
9 Thug sé casaoid don Mhuir Rua agus thiormaigh sí;agus sheol sé trí na tonnta mar trí fhásach iad.
10 Shaor sé ó láimh lucht a bhfuatha iad;agus scaoil sé iad as greim a naimhde.
11 D’fholaigh an tuile a gcéilí comhraic;níor fágadh oiread is aon fhear amháin acu.
12 Ansin is ea a chreid siad a bhriathra;gur ghabh siad ag canadh a mholtaí.
13 Ach ba ghearr go ndearna siad dearmad ar a éachtaí;agus níorbh áil leo fanacht lena chomhairle.
14 Ligeadar srian lena mianta san fhásach;chuireadar cathú ar Dhia san uaigneas.
15 Lig sé a n-achainí leo;ach chuir sé seirg-ghalar ar a n-anam.
16 Bhí éad orthu le Maois ina mbothanna,agus le hÁrón, neach naofa an Tiarna.
17 D’oscail an talamh agus shlog sé Dátán,agus d’fholaigh sé Aibíorám is a mhuintir.
18 Fadaíodh tine i measc a mbuíne;agus loisc na lasracha na meirligh.
19 Dhealbhaigh siad lao ag Horaeb;rinne siad íol d’ór leáite a adhradh.
20 Rinne siad Dia na glóire a mhalartúar íomhá tairbh a mhaireann ar fhéar.
21 Rinne siad dearmad ar Dhia a shlánaigh iad,agus a rinne éachtaí móra dóibh san Éigipt,
22 a rinne na hiontais dóibh i dtír Hám,agus nithe uamhnacha le hais na Mara Rua.
23 Agus dúirt sé go scriosfadh sé iad dá bhrí sin,murach Maois, an té a roghnaigh séa dhul roimhe sa bhearna d’fhonn a fhearga mhaolú sula ndéanfadh sé a milleadh.
24 Ba tháir leo dá éis sin tír an aoibhnis;níor mhuinín leo, ach oiread, a bhriathar.
25 Ach bhídís ag cásamh ina mbothanna,agus ní éistfidís le glór an Tiarna.
26 D’ardaigh sé a lámh agus mhionnaigh dóibhgo leagfadh sé ar lár iad san fhásach,
27 go scaipfeadh sé a síol i measc na náisiúna scaoileadh ar fud na cruinne.
28 D’umhlaigh siad ansin do Bhál Peór,agus d’ith siad íobairtí na marbh.
29 Spreag siad é chun feirge lena ngníomhartha,agus buaileadh iad ansin leis an bplá.
30 D’éirigh Píneachás gur imir sé breithiúnas,gurb amhlaidh a cuireadh cosc leis an bplá.
31 Measadh sin mar fhíréantacht dó dá bharrgo dtí an uile ghlúin go brách na breithe.
32 Chuir siad fearg air ag uiscí Mhiríbeá;agus smachtaigh sé Maois dá dheasca.
33 Óir chuir siad a chroí chun seirbhe,ionas gur labhair sé briathra míchríonna.
34 Ní dhearna siad na náisiúin a dhíothúde réir mar a d’ordaigh an Tiarna dóibh.
35 Ach is amhlaidh a rinne siad caidreamh leis na ciníocha,go ndearna siad a ngníomharthasan a fhoghlaim.
36 Thug siad fónamh d’íola na náisiún,gurb uime sin a cuireadh ó rath iad.
37 Óir d’íobair siad a macra féin,agus a n-iníonacha féin do na deamhain.
38 Dhoirt siad fuil na neamhurchóideach,fuil a mac is a n-iníonacha,a d’íobair siad do íola Chanángur truaillíodh an tír le fuil.
39 Trochlaíodh iad lena n-oibreacha féin;agus ghabh siad le striapachas ina ngníomhartha.
40 Bhladhm fraoch Dé in aghaidh a phobail;ghlac sé déistin lena oidhreacht féin.
41 Thug sé faoi smacht na náisiún iad,agus chuir lucht a bhfuatha faoi chois iad.
42 Rinne a naimhde cos ar bolg orthu,agus fágadh faoi smacht a lámh iad.
43 Tharrthaigh sé arís agus arís eile iad,ach spreag siad chun feirge é lena scéimeanna,agus leag a n-urchóid féin ar lár iad.
44 Dá ainneoin sin chuir sé spéis ina mbuaireamh,nuair a chuala sé a nglao.
45 Ar a son siúd chuimhnigh sé ar a chonradh.Ghlac sé trua dóibh as ucht a lánmhaire a bhuanghrá,
46 agus fuair sé trócaire dóibhó na dreamanna go léir a rinne braighdeanaigh díobh.
47 Tarrthaigh sinn, a Thiarna, ár nDia;bailigh le chéile sinn as measc na náisiúngo dtugaimis buíochas do d’ainm naofa,is go ndéanaimis do mholadh a chanadh.
48 Moladh leis an Tiarna, Dia Iosrael,ó aois go haois go brách.Agus go gcana na daoine go léir:Amen! Amen! Alleluia!