Salm 11:1-7

Do stiúrthóir an chóir. [Salm] Dháiví. 11  Leis an Tiarna a fuair mé dídean;cén chaoi a déarfaidh sibh le m’anam:“Eitil, amhail éan, chun an tsléibhe.”  Féach na peacaigh ag teannadh an bhogha;táid ag gléasadh a saighead ar an tsreang,á gcaitheamh leis an bhfíréan sa dorchacht.  Ón uair a scriostar na fothaícad is féidir leis an bhfíréan a dhéanamh.  Tá an Tiarna ina theampall naofa,ar neamh atá a chathaoir ríoga.Breathnaíonn a shúile [na hísle];tástálann siad clann na ndaoine.  Féachann an Tiarna an fíréan is an t-ainfhíréan,is fuath leis fear an fhoréigin.  [11:6a] Fearfaidh sé tine agus ruibh ar na peacaigh:gaoth fheannaideach loiscneach atá i ndán dóibh.  [11:6b] Is geal leis an Tiarna an fhíréantacht:agus feicfidh na fíréin a aghaidh.

Fonótaí