Salm 113:1-9

113  Alleluia. Tugaigí moladh, a lucht freastail an Tiarna;molaigí ainm an Tiarna!  Moladh le hainm an Tiarnai láthair na huaire agus choíche!  Ó éirí go luí na gréine,go raibh ainm an Tiarna á mholadh!  Tá an Tiarna os cionn na gciníocha uile,agus a ghradam os cionn na bhflaitheas.  Cé is cosúil leis an Tiarna, ár nDia;atá ina shuí ar a ríchathaoir in airde?  Cromann sé ó na harda anuaschun féachaint ar neamh agus ar talamh.  Tógann sé an t-íseal aníos as an deannach;ardaíonn sé den charn aoiligh an duine dealbh,  á chur ina shuí i bhfochair a phrionsaí,ar aon chéim le prionsaí a phobail.  Tugann sé sliocht sa teach don bhean gan leanbh;go mbíonn ina máthair chlainne faoi áthas.

Fonótaí