Salm 122:1-9

Amhrán oilithreach. Le Dáiví. 122  Rinne mé gairdeas nuair a dúradh liom:“Rachaimid isteach i dteach an Tiarna.”  Tá ár gcosa ina seasamh cheana féini do dhoirse, a Iarúsailéim.  Rinneadh cathair Iarúsailéim a thógáilgo dlúth is go daingean.  Is chuici suas a ghabhann na treibheanna,treibheanna an Tiarna,d’fhonn is go dtugaidís fianaise do Iosrael,agus buíochas don Tiarna.  Is ansiúd atá cathaoir an bhreithiúnais,cathaoir do theaghlach Dháiví.  Iarraigí síocháin Iarúsailéim a chur chun cinn;gura slán a dtugann taitneamh duit.  Síocháin go raibh laistigh de do mhúrtha,agus flúirse i do phálás.  Ar son mo bhráithre agus lucht mo pháirte,síocháin go raibh ionat.  Ar son teach an Tiarna, ár nDia,iarraim do leas.

Fonótaí