Salm 141:1-10

Salm le Dáiví. 141  Glaoim ort, a Thiarna, fóir orm gan mhoill;éist le mo ghlór nuair a ghlaoim ort.  Go n-éirí m’urnaí mar thúis i d’fhianaise;go raibh ardú mo lámh mar íobairt tráthnona.  Cuir glas ar mo bhéal, achainím ort, a Thiarna;bí ag faire mar an gcéanna ar dhoras mo bhruas.  Ná claon mo chroí chun oilc ar bithná chun drochbhearta a dhéanamh le lucht na hurchóide;nár ithe mé sólais sho-bhlasta ina gcuideachta.  Má bhuaileann an fíréan mé is le barr cineáltais é;má thugann sé casaoid dom, is ola do mo cheann é.Ach maidir le lucht an oilc, bím ag urnaí i gcónaí,bíonn m’urnaí i gcónaí in aghaidh a ndrochbheart.  Caithfear a mbreithiúna go léir le haill;beidh a fhios acu an uair sin gur caoin iad mo bhriathra.  Mar charraig a scoiltear ina smionagar ar an talamh,scaipfear a gcnámha ag béal na huaighe.  Ortsa, a Thiarna, a Dhia liom, atá mo shúile;ortsa atá mo thriall, ná fág m’anam gan dídean.  Cosain mé ar an ngaiste a chuir siad i bhfearas romham;saor mé ar ribí lucht déanta na hurchóide. 10  Go gceaptar na héagráifigh go léir ina líonta féin;ach deonaigh go dtaga mise slán sábháilte uathu.

Fonótaí