Salm 147:1-20
147 Alleluia.
Molaigí an Tiarna toisc gur maith é;canaigí Salm dár nDia toisc gur grámhar é;is dósan is dual ár moladh.
2 Tá an Tiarna ag atógáil Iarúsailéim;tá sé ag bailiú díbeartaigh Iosrael le chéile.
3 Leigheasann sé lucht an chroí bhriste;agus déanann a gcréachtaí a cheangal.
4 Socraíonn sé líon na réaltaí;ainmníonn sé ina gceann is ina gceann iad.
5 Is mór é ár nDia agus is mór é a neart;níl teorainn ar bith lena eagna.
6 Ardaíonn an Tiarna na daoine ísle;agus leagann sé ar lár na hurchóidigh.
7 Canaigí don Tiarna le buíochas;seinnigí moladh ar an gcruit dár nDia,
8 an té a chlúdaíonn na spéartha le néalta;agus a thugann an fhearthainn don talamh.Cuireann sé an féar ag fás ar na sléibhte;agus luibheanna chun fónamh don duine.
9 Tugann sé a gcuid do na beithígh;agus beathaíonn gearrcaigh na bhfiach nuair a ghlaonn siad air.
10 Ní hé neart an eich is aoibhinn leis;ná ní hiad cosa an duine is taitneamhach leis.
11 Tugann an Tiarna taitneamh do lucht a eaglaithe;don dream ar muinín leo a thrócaire.
12 Tabhair moladh don Tiarna, a Iarúsailéim;tabhair moladh do do Dhia, a Shíón.
13 Óir dhaingnigh sé sparraí do dhoirse;agus bheannaigh sé do chlann atá istigh ionat.
14 Rinne sé síocháin i do chríocha;agus tugann do sháith de phlúr na cruithneachta duit.
15 Cuireann sé a aithne ag triall ar an talamh;agus gluaiseann a bhriathar go lántapaidh.
16 Scaipeann sé sneachta amhail olann;croitheann sé cuisne amhail luaithreach.
17 Leathann sé a leac oighir ina blúirí;cé a fhéadann a fhuacht a fhulaingt?
18 Cuireann sé a bhriathar uaidh á leá;agus a ghaoth a choscairt an tsneachta.
19 D’fhoilsigh sé a bhriathar do Iacób;a reachtanna agus a fhoraitheanta d’Iosrael.
20 Ní dhearna sé amhlaidh d’aon chine eile;níor nocht sé a reachtanna dóibh.