Salm 17:1-15

Urnaí Dháiví. 17  Éist le cúis chóir, a Thiarna;tabhair aird ar mo ghlór;tabhair cluas do m’urnaí nach dtagannas béal bréagach.  Gurab uaitse a gheobhaidh mé breithiúnas;feiceann tusa an fhírinne.  Cuardaigh mo chroí, tabhair cuairt orm san oíche,déan mo thástáil le tine agus ní bhfaighidh tú coir ionam.  Níor pheacaigh mo bhéal de réir nós an duine;sheachnaigh mé an foréigean de réir bhriathra do bhéil.  Ghreamaigh mo chéimeanna go daingean de do shlite,ní dheachaigh mo chosa ar fán ná ar fuaidreamh.  Gairim ort, a Dhia, agus tabharfaidh tú freagra orm:claon do chluas agus éist le mo bhriathar.  Taispeáin dom do bhuanghrá ró-iontach, a Thiarna,a shaorann a dtriallann ort le neart do dheasláimhe.  Déan mo chosaint mar mhac imreasan do shúile;folaigh mé faoi scáth do sciathán  ar na peacaigh a imríonn éigean orm. Tá mo naimhde i mo thimpeall go feargach fraochta; 10  a ndúrchroí dunta, a mbéal ag déanamh mórtais. 11  Éiríonn siad i m’éadan, bailíonn siad i mo thimpeall,táid ag faire na faille d’fhonn mé a leagan ar lántalamh. 12  Is cosúil iad le leoin ar thóir a gcreiche,le coileáin leoin i bhfolach sa dorchacht. 13  Éirigh ina n-aghaidh, á dtreascairt, a Thiarna;saor m’anam ón éagráifeach le faobhar do chlaímh. 14  Go saora do lámh mé, a Thiarna, ó dhaoinea bhfuil mian a gcroí i nithe an tsaoil seo.Líonann tú a mbolg as do líonmhaireachtgo mbíonn díol a sáithe ag a gclann,agus go bhfágann siad fuíoll ag a leanaí. 15  Feicfidh mise, áfach, do aghaidh i bhfíréantacht,agus ag dúiseacht dom sásófar mé le radharc do ghnúise.

Fonótaí