Salm 29:1-11
Salm le Dáiví
29 Tugaigí don Tiarna, a chlann mhac Dé,tugaigí don Tiarna glóir agus cumhacht!
2 Tugaigí don Tiarna an ghlóir is díol dá ainm;tugaigí adhradh don Tiarna in éide naofa.
3 Tá glór an Tiarna ar an uisce,tá Dia na glóire ag toirneach,tá an Tiarna os cionn na n-uiscí móra.
4 Tá glór an Tiarna go cumasach,tá glór an Tiarna go maorga.
5 Briseann glór an Tiarna na céadrais,briseann sé céadrais na Liobáine.
6 Cuireann sé an Liobáin ag léim ar nós gamhnaagus Sirión ar nós ógdhaimh allta.
7 Adhnann glór an Tiarna splancacha tine:
8 croitheann glór an Tiarna an fásach,cuireann an Tiarna fásach Cháidéis ar crith.
9 Cuireann a ghlór na crainn darach ag luascadh,agus fágann sé an choill gan duilliúr,agus cluintear “Glóir!” ó gach aon neach ina theampall.
10 Tá an Tiarna ina rí os cionn na díleann.Tá an Tiarna ina rí go brách.
11 Tabharfaidh an Tiarna neart dá phobal;beannóidh sé a phobal le síocháin.